Amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne is ea "God Defend New Zealand", ceann de dhá amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne ("God Save the Queen" is ea an ceann eile). Scríobh sé an file agus iriseoir Thomas Bracken (21 Nollaig 184316 Feabhra 1898) na liricí.[1]

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilGod Defend New Zealand

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilamhrán náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas G Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirJohn Joseph Woods (en) Aistrigh
LiriceoirThomas Bracken agus Thomas Henry Smith (en) Aistrigh
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla na Nua-Shéalainne agus an Mhaorais
Dáta a bunaíodh1977
Dáta foilsithe1870í
Seánradán
Musicbrainz: d60c962e-f217-3323-8670-2dc5af723e69 Cuir in eagar ar Wikidata
God Defend New Zealand

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 1876, foilsíodh an dán "God Defend New Zealand".[2] Sa bhliain 1940 glacadh leis mar iomann náisiúnta, agus mar amhrán náisiúnta i 1977.

Thomas Bracken

Bhí Bracken báúil le cúis na Maorach. Deirtear go bhfuil tagairt do Te Kooti, ar thaoiseach tábhachtach as iarthar na tíre é, agus do na Maoraigh sa líne “guard Pacific’s triple star". Ach deir staraithe eile gur meafar é do thrí oileán na tíre. D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maorais don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.

1999 cuir in eagar

B’ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Corn an Domhain sa Rugbaí i 1999 a canadh é i Maorais amháin. Bhí raic ann, mar níor thuig go leor Nua-Shéalainneach brí na bhfocal. Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh. Tar éis do Te Taura Whiri (Coimisiún Teanga na Maoirise) bileoga eolais a eagrú, foghlaimíodh na focail. Anois, is é an nós ná rann amháin a chanadh i mBéarla agus an chéad rann eile i Maorais.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

An Rialtas - Thomas Bracken

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ruth Nic Giolla Iasachta (Lúnasa 2007). "Seal in Aotearoa (Cuid 6)" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-16.
  2. "God Defend New Zealand" (as en) (2021-01-14). Wikipedia.