Grianghrafadóireacht leictreonach

Nochtadh pictiúir i gceamara a dhéanann taifead ar chuimhne soladstaide. Bíonn an chuimhne in ann níos mó ná 100 pictiúr a stóráil, agus an pictiúr le feiceáil ar fhís-scáileán ar an toirt, ionas gur féidir cinneadh a dhéanamh é a stóráil nó a bhaint. Is féidir pictiúir a aistriú ón gcuimhne sa cheamara go dtí ríomhairí is a phróiseáil a thuilleadh ansin, agus a sheachadadh thar an Idirlíon mar ríomhphost freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht leictreonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.