Guglielmo Marconi
Ceapadóir, fiontraí agus fear gnó as Bologna na hIodáile, agus de shliocht Éireannach, ab ea Guglielmo Marconi-Jameson (25 Aibreán 1874 – 20 Iúil 1937). Dhear dë an chéad raidió fiúntach. Tugtar "athair an raidió' air.[1]
Bronnadh Duais Nobel na Fisice ar Marconi, in éineacht le Karl-Ferdinand Braun, sa bhliain 1909.
Fionnachtana
cuir in eagarTharchuir Marconi comharthaí ar feadh líne dírí cúpla céad ciliméadar ar fhad san aer i 1895, ag an am céanna a rinne Alexander Stepanovitch Popov an rud chéanna sa Rúis.
Ar an 13 Bealtaine 1897, sheol Marconi an chéad "teileagraf gan sreang".[2]
Ar an 6 Iúil, 1898, chraol comhlacht Marconi ó Bhaile an Chaistil go Reachlainn, oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin.[3][4][5]
Tharchuir Marconi ó Chorn na Breataine trasna an Atlantaigh go Talamh an Éisc den chéad uair sa bhliain 1902, ag frithchaitheamh an tonn raidió ón ianaisféar 50-500 km os cionn na farraige leathshlí trasna.
Ar an 17 Deireadh Fómhair 1907, chuir Marconi an chéad seirbhís radaiteileagrafaíochta trádála trasatlantach ar siúl idir stáisiúin theileagrafaíochta sa Chlochán, i gContae na Gaillimhe (ag Pointe Sár-Radhairc Dheirgimligh, atá 6 km laisteas den Chlochán) agus Bá Glace, in Albain Nua.[6]
Ba i rith an chogaidh mhóir (1914-18) a cuireadh bús ceart le fás agus forbairt an raidió mar ghléas chumarsáide. Nuair a thosaigh an cogadh, ba le córas teileagraim a bhí á úsáid ag na fórsaí éagsúla chun formhór a gcuid teagmhála a dhéanamh.[7] Ach faoi dheireadh na troda, bhí córais chumarsáide raidió go mór sa treis, a bhuíochas sin do leithéid Marconi.
Sa bhliain 1919 chraol Wireless Telegraph Company Mharconi guth duine d’fhostóirí an chomhlachta trasna an Atlantaigh
I 1920 craoladh amhránaíocht Nellie Melba ó ionad Mharconi i Chelmsford, Essex, rud a chuir tús le craoltóireacht ghinearálta raidió.
Saol pearsanta
cuir in eagarAnnie Jameson (muintir Jameson, an drioglann) ba ea máthair Marconi.[4]
Chaith Marconi cuid mhór dá luathshaol sa Ríocht Aontaithe agus ansin i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Shocraigh sé síos san Iodáil sa bhliain 1913.
Phós sé Beatrice O’Brien sa bhliain 1905.[8] Bhí triúr clainne acu. Fuair Marconi colscaradh i 1924.
Phós sé bean óg, Maria Cristina Bezzi-Scali (26) ar 12 Meitheamh 1927, in aois 53 dó.
Faisistí go smior, frith-sheimíteach agus dearcadh coilíneach aige, thacaigh sé Mussolini agus an cogadh san Aetóip.
Bás
cuir in eagarBhuail taom croí Marconi sa bhliain 1937, in aois 63 bliain dó. A naoú taom croí, strus ba chúis leis is cosúil.
Bronnadh sochraid stáit air sa Róimh i ndiaidh a bháis.
Inniu, tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i mBaile an Chaistil i gcuimhne ar Guglielmo Marconi.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Matt Hussey (2011). "Fréamh an eolais ː ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta".
- ↑ "Marconi's Welsh wireless revolution" (en-GB). BBC (2012-05-11). Dáta rochtana: 2020-05-13.
- ↑ "Marconi in Ballycastle" (en). www.causewaycoastalroute.com. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- ↑ 4.0 4.1 Bernie McGill (10 Lúnasa 2017). "Marconi, Rathlin Island and a new way with words" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- ↑ "GUGLIELMO MARCONI INVENTOR OF THE RADIO". www.solarnavigator.net. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- ↑ failteireland.ie. "Connemara-Experience-Development-Plan". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ cora.ucc.ie. "RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cultúr phobal na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Guglielmo Marconi: The radio pioneer with an Irish connection | Blog | findmypast.ie". www.findmypast.ie. Dáta rochtana: 2020-05-13.