Guylaine Guy

ban-aisteoir Ceanadach

Amhránaí, aisteoir agus péintéir is ea Guylaine Guy. Rugadh í mar Guylaine Chailler in Montréal ar an 6 Aibreán 1929. Is í iníon Lise Bonheur, amhránaí agus aisteoir ó Québec, í, agus deifiúr Colette Bonheur, amhránaí ó Québec.

Infotaula de personaGuylaine Guy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1929
94 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ceoltóir snagcheoil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilRCA Victor Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0349817 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Thosaigh Guylaine Guy ag canadh in Montréal sna ceabairéanna, go háirithe san Au Faisan Doré in 1950. In 1952 thogh an nuachtán laethúil Radiomonde mar Miss Radio-Télévision í.

Tháinig Charles Trenet trasna uirthi in Montréal in 1955 agus bhí ina chomhairleoir aici, ag scríobh amhrán di. Tharraing sí aird uirthi féin ag canadh san amharclann Olympia i bPáras le Trenet agus le Louis Armstrong. Chuir sí fúithi go buan i bPáras in 1956 agus rinne roinnt ceirníní.

Rinne sí páirteanna sna scannáin La nuit des suspectes (1957), The Big Record (1957) (ina hamhránaí) agus Trente-Six Chandelles (1952).

Tar éis di camchuairt a dhéanamh san Eoraip, i dtuaisceart na hAfraice agus sa Mhéan-Oirthear, d’fhill sí ar feadh tamaill ar Québec, áit ar thaibhrigh sí ar an teilifís. Rinne sí páirt Irma la douce don Théâtre du Nouveau-Monde. I 1963 d’éirigh thar cionn léi ag canadh Salvame Dios.

In 1963 phós Guylaine Guy an dlíodóir Charles Libman. Tamall gearr ina dhiaidh sin thréig sí an amhránaíocht agus chuaigh leis an bpéinteáil. In 1998 chuir sí stiúideo ar bun in Trouville-sur-Mer (Calvados) [1].

Rinneadh ridire d’ord náisiúnta an Légion d'honneur de Guylaine Guy ar an 14 Iúil 2010. Bronnadh an bonn uirthi ar 18 Márta 2011 in Trouville-sur-Mer.[1]

Le cloisteáil cuir in eagar

Guylaine Guy - "Ou sont ils donc?" (1955): [1]

Guylaine Guy - "Au revoir": [2]

Guylaine Guy - "Je t'attends" (1963): [3]

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Ouest-France, eagrán Calvados, 21 Márta 2011.

Foinsí cuir in eagar