File Astrálach agus leabhrógaí ba ea Gwen Harwood, née Gwendoline Nessie Foster (Oifigeach d’Ord na hAstráile) (8 Meitheamh 1920-4 Nollaig 1995). Tá meas uirthi mar dhuine de na filí Astrálacha is fearr. D’fhoilsigh sí 326 dán agus 13 leabhróg[1] agus bhain mórán duaiseanna, agus tá a hainm ar Dhuais Filíochta Gwen Harwood, ceann de na duaiseanna liteartha is tábhachtaí san Astráil. Is iondúil go ndéantar staidéar ar a saothar i scoileanna agus in ollscoileanna.

BeathaCuir in Eagar

Rugadh Harwood in Brisbane, Queensland. Fuair sí dioplóma ceoil agus bhí fonn uirthi féin agus ar a deartháir a bheith ina gceoltóirí, ach tharraing a seanmháthair a haird ar fhilíocht, rud a spreag í chun gairm a dhéanamh di. Phós sí an teangeolaí Bill Harwood in 1945 agus d’aistrigh siad go Hobart nuair a ceapadh é mar léachtóir in Ollscoil na Tasmáine. Eisean a d’áitigh uirthi suim a chur i saothar Ludwig Wittgenstein, suim a d’fhág lorg buan ar a saothar féin.[2][3] Bhí triúr mac agus iníon acu, agus iníon eile a bhí ina marbhghin, rud a ndearna sí tagairt dó in dhá dhán.

Ba í an iris Meanjin ba thúisce a d’fhoilsigh dán léi in 1944, ach ní raibh a saothar le feiceáil go rialta i bhfoilseacháin go dtí na 1960idí.[2] Foilsíodh an chéad chnuasach filíochta aici (Poems) in 1963 agus lean a lán cnuasach eile é. Tá eagráin dhifriúla de Selected Poems ann.

Thug foilsiú a filíochta amach os comhair an phobail í. In 1963 thosaigh sí ag scríobh leabhróga don chumadóir Larry Sitsky, agus scríobh sí leabhróga do chumadóirí eile chomh maith.[3]

Sna dánta ba luaithe aici scríobh sí mar a lán pearsana difriúla - Walter Lehmann, W.W. Hagendoor (anagram dá hainm féin), Francis Geyer (teifeach ón Ungáir), Timothy (TF) Kline (cléireach a chuir i gcoinne an éigirt), Miriam Stone (bean tí arbh fuath léi laincisí an bhaile) agus Alan Carvosso. Diúltaíodh ar dtús don chuid ba mhó de dhánta faoina hainm féin.[3][4]

Fuair sí bás den ailse in 1995.

ÁbharCuir in Eagar

Is minic a chuireann a cuid dánta síos ar shaol an mháthar agus ar shaol teoranta na mban, go háirithe más máithreacha óga iad. Is minic a scríobhann sí faoin gceol agus is minic freisin a scríobhann sí faoi thírdhreach na Tasmáine agus faoi dhíbirt na mBundúchasach as an tírdhreach sin. Tá tagairtí reiligiúnda i gcuid mhaith dánta. Tá sraith dánta scríofa aici a bhfuil na pearsana céanna iontu, go háirithe an tOllamh Eisenbart agus Kröte.

SliochtCuir in Eagar

Shadows grazing eastward melt
from their vast sun-driven flocks
into consubstantial dusk.
A snow wind flosses the bleak rocks,

strips from the gums their rags of bark,
and spins the coil of winter tight
round our last meeting as we walk
the littoral zone of day and night,

light's turncoat margin: rocks and trees
dissolve in nightfall-eddying waters;
tumbling whorls of cloud disclose
the cold eyes of the sea-god's daughters.(Sliocht as “Last Meeting”.)

Na scáthanna ar féarach thoir
leánn siad as mórthréada gréine
i gcrónú comhshubstainteach.
Creaga á líomhadh ag fuarshéideadh

a lomann giobail na gcrann guma,
ag fáscadh ghreim an gheimhridh
ar ár dteagmháil dheireanach
ag siúl linn idir lá is oíche

trí aistriú imeallach solais: scaipeann
dúchorraí uisce crann is carraig;
nochtann guairneán scamaill súile
crua iníonacha dhia na mara.

DuaiseannaCuir in Eagar

  • 1958: Duais Filíochta Meanjin
  • 1959: Duais Filíochta Meanjin
  • 1975: Duais Filíochta Grace Leven
  • 1977: Bonn Robert Frost Medallion (a dtugtar Duais Christopher Brennan anois air)
  • 1978: Duais Patrick White
  • 1980: Duais The Age do “Leabhar na Bliana”
  • 1988: D.Litt. Onórach ó Ollscoil na Tasmáine
  • 1989: Oifigeach d’Ord na hAstráile (AO)[5]
  • 1989: Duais Liteartha Céad Aire Victoria as Bone Scan
  • 1990: Duais J.J. Bray
  • 1994: Dochtúireach Onórach ó Ollscoil Queensland
  • 1994: Dochtúireach Onórach ó Ollscoil La Trobe
  • 2005: Liosta Onórach Ban na Tasmáine as seirbhís do na healaíona

BibliographyCuir in Eagar

PoetryCuir in Eagar

  • Poems (1963)
  • Poems Volume Two (1968)
  • The Lion's Bride (1981)
  • Bone Scan (1988)
  • The Present Tense

LettersCuir in Eagar

  • Blessed City: Letters to Thomas Riddell 1943, eag. Alison Hoddinott (Angus & Robertson, 1990) ISBN 0-207-16587-4
  • A Steady Storm of Correspondence: Selected Letters of Gwen Harwood 1943–1995, eag. Gregory Kratzmann (UQP, 2001) ISBN 0-7022-3257-2

NótaíCuir in Eagar

  1. Tasmanian Honour Roll of Women Teimpléad:Webarchive
  2. 2.0 2.1 Wilde, Hooton and Andrews (1994), lch 349
  3. 3.0 3.1 3.2 Alison Hoddinott, “Harwood, Gwendoline Nessie (Gwen) (1920–1995),” Australian Dictionary of Biography: http://adb.anu.edu.au/biography/harwood-gwendoline-nessie-gwen-22407
  4. Barry Oakley, "Pugnacious poet", léirmheas ar Selected Letters of Gwen Harwood, Weekend Australian, Books, 29–30 Nollaig 2001, lch R11
  5. It's an Honour – Officer of the Order of Australia

TagairtíCuir in Eagar

Leabhair eileCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar