Fisiceoir Sasanach ab ea Henry Gwyn Jeffreys Moseley (23 Samhain 1887 - 10 Lúnasa 1915). Tá clú bainte amach aige mar a gheall ar a chuid oibre ar na huimhreacha adamhacha..

Henry Moseley
Henry Moseley (1887-1915).jpg
Saol
Eolas breithe Weymouth (en) Aistrigh, Samhain 23, 1887
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Gallipoli (en) Aistrigh, Lúnasa 10, 1915
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (shot to the head (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Henry Nottidge Moseley
Céile/Céilí no value
Oideachas
Alma mater Eton College (en) Aistrigh
Summer Fields School (en) Aistrigh
Trinity College (en) Aistrigh
Ollscoil Oxford
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm fisiceoir, innealtóir agus ceimiceoir
Fostóirí Ollscoil Mhanchain
Ollscoil Oxford
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Daoine le tionchar air/uirthi Ernest Rutherford
Ballraíocht Manchester Literary and Philosophical Society (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag An Chéad Chogadh Domhanda
Balliol-Trinity College Laboratories, 1910
feadán x-ghathach a rinne Moseley
na huimhreacha adamhacha agus Dlí Moseley[1]

TaighdeCuir in Eagar

Léirigh Mosley sa bhliain 1913 an coibhneas docht idir díraonadh x-ghathach speictream na ndúl agus a n-áit cheart sa Tábla Peiriadach. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach le lucht leictreach an núicléis, is é sin, lucht na bprótón. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.

Roimh fhionnachtain Moseley, measadh go raibh uimhreacha adamhacha (nó uimhir eiliminteach) de dhúil mar uimhir sheicheamhach leath-treallach, bunaithe ar sheicheamh na maiseanna adamhacha, ach mionathraíodh go pointe áirithe iad nuair a mheas ceimiceoirí go raibh an mionathrú seo inmhianaithe, mar a rinne Dmítrí Meindeiléiv.

Ina fhionnachtain, Tábla Peiriadach na nDúl, mhalartaigh Meindeiléiv oird cúpla péire dúile; bhí sé in ann iad a chur in áiteanna níos oiriúnaí sa tábla. Mar shampla, sannadh na huimhreacha adamhacha 27 agus 28 do na miotail cóbalt agus nicil, faoi seach, bunaithe ar a n-airíonna ceimiceacha agus fisiceacha, cé go raibh na maiseanna adamhacha beagnach mar an gcéanna acu.

Déanta na fírinne, tá mais adamhach cóbailt beagán níos mó ná mais nicile, rud a chuirfeadh ord droim ar ais dá gcuirfí sa Tábla Peiriadach go liopasta iad de réir na maise adamhaí.

Léirigh turgnaimh Moseley i speictreascópacht X-gha go díreach óna bhfisic go bhfuil na huimhreacha adamhacha difriúla ag cóbalt agus nicil, 27 agus 28, agus go gcuirtear iad sa Tábla Peiriadach i gceart le tomhais oibiachtúla.

Dá réir sin, léirigh fionnachtain Moseley nach uimhreacha treallacha iad uimhreacha adamhacha na ndúl bunaithe ar cheimic agus intuigtheacht ceimiceoirí, ach ina ionad sin, tá bunús daingean turgnamhach acu ó fhisic a speictrim X-gha.[2]

SaolCuir in Eagar

Fuair Moseley bás i nGallipoli sa bhliain 1915.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Moseley's law" (in en) (2021-04-28). Wikipedia. 
  2. Colaiste Oiriall. "Stair an adamh". Dáta rochtana: 2021.