Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener

Marascal machaire Briotanach, státaire, agus taidhleoir ab ea Horatio Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener (24 Meitheamh 18505 Meitheamh 1916).

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Herbert Kitchener
Beathaisnéis
Breith(en) Horatio Herbert Kitchener
24 Meitheamh 1850
Béal Átha Longfoirt Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Meitheamh 1916
65 bliana d'aois
An Mhuir Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Maraíodh i gcomhrac)
Rúnaí Stáit Cogaíochta
5 Lúnasa 1914 – 5 Meitheamh 1916
← Herbert Henry AsquithDavid Lloyd George →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Ball de Theach na dTiarnaí
Ambasadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga Míleata, Woolwich (–1870) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Chipir (1878–1883)
Londain
Cartúm Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata, director of land survey (en) Aistrigh, innealtóir, taidhleoir, oifigeach airm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1871 –  1875
TeangachaAn Araibis, an Fhraincis agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleatamarascal machaire
oifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Cogadh Franc-Phrúiseach, Mahdist War (en) Aistrigh, Battle of Ferkeh (en) Aistrigh, Battle of Atbara (en) Aistrigh, Cath Omdurman, Dara Cogadh na mBórach, Battle of Paardeberg (en) Aistrigh agus An Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalBíocunta Broome (1914–1916)
Iarla Kitchener (1914–1916)
Barún Denton (1914–1916)
Bíocunta Kitchener Khartoum (1902–1916)
Barún Kitchener Khartoum (1898–1916)
Cunta Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Horatio Kitchener  agus Frances Anne Chevallier
SiblínFrances Emily Jane Kitchener
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 20088 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Kitchener sa bhliain 1850 i mBéal Átha Longfoirt, i gContae Chiarraí, mac leis an Lt. Col. Henry Horatio Kitchener (1805-1894) agus le Frances Anne Chevallier-Cole. Sasanaigh ab ea iad a cheannaigh talamh in Éirinn tamall beag roimhe sin.

Bhí Kitchener i dtuaisceart na Súdáine sa bhliain 1884 nuair a chuir arm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí Charles Gordon, oifigeach Sasanach, i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Bhí ar Kitchener cumarsáid a choimeád oscailte le Cartúm go dtí go sroicheadh arm Briotanach an chathair chun deireadh a chur leis an léigear. Níor éirigh leo an chathair a shroicheadh in am, áfach. Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir 1885, d'éirigh le harm an Mahdí an lámh in uachtar a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mhahdí go raibh sé marbh.

Blianta ina dhiaidh sin cuireadh Kitchener i gceannas ar arm Briotánach-Éigipteach a rinneadh ionsaí ar an tSúdáin. D'éirigh leis deireadh a chur le rialtas an Mahdí i gCath Omdurman ar an dara lá de Mheán Fómhair 1898. Bhí sé ina ghobharnóir ar an tSúdáin go dtí mí na Nollag 1899, nuair a chuaigh sé go dtí an Afraic Theas. Bhí Kitchener ina ghinearál i nDara Cogadh na mBórach (1899–1902).

Tagairtí cuir in eagar