Aon chomhdhúil hidrigine. Rangaítear i 3 rang iad: hidrídí comhfhiúsacha, comhdhúile móilíneacha le neamh-mhiotail (cosúil le clóiríd hidrigine, HCl, uisce, H2O, is amóinia, NH3); hidrídí miotalacha, le hairíonna cóimhiotal, a dhéantar leis an gcuid is mó de na miotail trasdula; agus hidrídí salanda, comhdhúile ianacha, déanta leis na dúile alcaile is cré-alcaileacha, ina bhfuil an hidrigin i láthair mar an ian hidríde H- (mar shampla, hidríd sóidiam, NaH).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hidríd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 346.