Clár ar RTÉ ba ea ‘Housewife of the Year’ nó 'Bean an Tí na Bliana', a craoladh ó 1982 go dtí 1994. curtha i láthair ag Gay Byrne.[1] Reáchtáladh an comórtas féin ó 1968 go dtí 1995, comórtas mór spleodrach a ‘cheiliúir’ ról na mná tí. Bhí an comórtas urraithe ag Bord Soláthair an Leictreachais agus an iris Woman's Way ó 1968-1977 agus CalorGas, nó Calor, ó 1978-1995.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtHousewife of the Year
Cineálócáid bhliantúil
comórtas Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1967 - 1995
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Calor Gas
Gay Byrne, 2007

Sa tsraith teilifíse, bhí caint ar chócaireacht, ar pháistí, ar fhir chéile  agus ar mhórán eile atá tarraingteach, dearfach faoin ré sin. Feicimid sa chlár an craoltóir Gay Byrne agus é breá sásta leis féin ag cur agallamh ar na mná faoina saol, faoina gcuid páistí, faoina gcuid scileanna baile. Ghlac na mná páirt ann go fonnmhar – fuair buaiteoir an chomórtais seic £300 (timpeall 450 euros) agus (ó 1978-1995) sorn gáis nua de chuid Calor.

Cuireadh deireadh leis an gcomórtas sna nóchaidí thart ar an am céanna ar thosaigh mná a raibh oideachas orthu ag cur isteach air. Ghnóthaigh bean ag an am a raibh céimeanna ardoideachais agus gairm bheatha i saol an airgeadais aici an comórtas (... agus ní mó ná sásta a bhí an dream a bhí ag streachailt le saol crua gan mórán de mhaoin an tsaoil).[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (22 Samhain 2024). "Léiriú ar shaol nach bhfuil imithe uainn rófhada tugtha in dhá scannán nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-21.