Hugues Capet
Ba rí na bhFranc ó 987 go 996 agus bunaitheoir an rítheaghlaigh Capet é Hugues Capet (~ 940 - 24 Deireadh Fómhair 996), rítheaghlach a mhair go dtí Lauis XVI sa 18ú haois.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 940 Dourdan, An Fhrainc |
Bás | 24 Deireadh Fómhair 996 55/56 bliana d'aois Les Juifs, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Bolgach) |
Áit adhlactha | Baisleac de Saint-Denis |
Rí na bhFranc | |
3 Meitheamh 987 – 24 Deireadh Fómhair 996 ← Louis V na Fraince – Robert II na Fraince → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ríochas |
Teangacha | An Laidin |
Eile | |
Teideal uasal | Diúc |
Teaghlach | Capetian dynasty (en) |
Céile | Adelaide na hAcatáine (969 (Féilire Ghréagóra)–) |
Páiste | Hedwig na Fraince, Cuntaois Mons, Robert II na Fraince, Gisèle de France |
Athair | Hugo Mór agus Hedwig na Sacsaine |
Siblín | Beatrice na Fraince, Emma Pháras, Anraí I, Diúc na Burgúine, Otto, Diúc na Burgúine agus Erberto d'Auxerre |
luach ar iarraidh | |
An Fhrainc sa 10ú haois
cuir in eagarNí raibh sliocht Shéarlais Mhóir (Charlemagne), impire na bhFranc san 8ú haois, in ann teorainneacha ríocht na bhFranc a chosaint, go háirithe san iarthar. Thóg na tiarnaí móra caisleáin láidre ina ndúichí féin. Uaireanta ba iad na heaspaig a bhí i gceannas chun an eaglais is an creideamh Críostaí a chosaint.
Ag deireadh na dála, ní raibh duine ó sliocht Shéarlais Mhóir, nó na Carolingiens as Fraincis, fágtha tar éis bás Laoiseach V i mí na Bealtaine sa bhliain 987 agus bhuail na tiarnaí le chéile i Noyon chun rí nua a thoghadh. Ba é Hugues, ab cróga a thóg páirt i gcathanna agus diúc na bhFranc ón mbliain 960, an fear ba threise acu. Bhí clóca naoimh Tours, Máirtín, ag Hugues ina mhainistreach agus tháinig a ainm Capet ón fhocal Laidine cappa, an duine a raibh an clóca aige. Beannaíodh mar rí in ardeaglais Reims é ar an 3 Iúil sa bhliain 987. Ba é sin tús ríocht na Fraince, nó ríocht Francach an Ghaill.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |