Aistriú Doppler, an t-athrú i dtonnfhadminicíocht radaíochta—solaisfuaime —a bhraitear nuair a bhíonn foinse na radaíochta faoi ghluaiseacht choibhneasta, i dtreo an bhrathadóra nó amach uaidh. Ainmnithe as Christian Doppler (1803-1853), fisicí is matamaiticeoir Ostarach.

Má bhíonn an fhoinse ag gluaiseacht i dtreo an bhrathadóra, bíonn an mhinicíocht níos mó is an tonnfhad níos lú ná mar a bheadh is an fhoinse ar fos. Más fuaim atá i gceist, méadaíonn airde an nóta sa chás seo. Más solas é, éiríonn an solas níos goirme (an gormaistriú). Nuair a bhíonn an fhoinse ar luas amach ón mbrathadóir, laghdaíonn airde an nóta fuaime agus éiríonn dath an tsolais níos deirge (an deargaistriú).

Sampla coitianta d'iarmhairt Doppler is ea an t-athrú in airde an nóta ó bhonnán otharchairr le linn dó teacht i dtreo duine agus imeacht uaidh. Baineann réalteolaithe feidhm aisti chun gluaisní na reanna spéire a iniúchadh ó na haistrithe datha a bhraitear sa solas a thagann chugainn uathu. Baineann teicneolaithe míochaine feidhm aisti chun staidéar a dhéanamh ar shreabhadh na fola sa chroí is fuileadáin ar fud na colainne le trealamh ultrafhuaime.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Aistriú Doppler". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 220.