Slonn matamaiticiúil a léiríonn go bhfuil fréamhacha réadacha leithleacha nó fréamhacha cothroma ag cothromóid chearnach, nó nach bhfuil. Is é idirdhealaí na cothromóide ax2 + bx + c = 0 ná b2–4 ac. Más b2–4 ac > 0, tá fréamhacha réadacha leithleacha ag an gcothromóid. Más b2–4 ac = 0, tá fréamhacha cothroma aici. Más b2–4 ac < 0, níl fréamhacha réadacha aici, agus scríobhtar na fréamhacha i dtéarmaí uimhreacha coimpléascacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Idirdhealaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.