Inis Píc (Cuan Chorcaí)

(Athsheolta ó Inis Píc)

Is oileán i gCuan Chorcaí, i gContae Chorcaí, in Éirinn í Inis Píc (Béarla: Spike Island), nó Príosún Dhún an Mhistéalaigh. Is ionad turasóireachta é inniu.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Píc
(en) Spike Island Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51°50′06″N 8°17′06″W / 51.835°N 8.285°W / 51.835; -8.285
Suite i nó in aice le limistéar uisceCuan Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí0.5 (leithead) × 0.8 (fad) km
Achar0.41 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir1272

Stair cuir in eagar

Tá an oileán beag an-stairiúil. Sa seachtú haois bhí mainistir ar an oileán agus manaigh ina gcónaí inti. 

Le 1300 bliain anuas bhí Inis Píc ina áit chónaithe ag círéibeoirí agus saighdiúirí dearga, captaein agus coirpigh, chomh maith le manaigh agus mainistreacha, peacaigh agus naoimh.[1]

San ochtú haois déag, bhunaigh na Sasanaigh dún. Is dúnfort réalta é (Dún an Mhistéalaigh). Ba í Inis Píc an príosún is mó do choirpigh ar domhan uair amháin.

 
An priosún

Baisteadh an teideal 'Dún an Mhistéalaigh' ar Phíc sa bhliain 1951.[2]

Bhí Pic in úsáid mar phríosún go dtí na go dtí 2004. Ba ann a cuireadh daoine óga nó maistíní (le iompar frithshóisialta, mar sahampla ag goid carranna agus ag tiomáint go dáinséarach). Sna blianta dár gcionn, chaith Comhairle Chontae Chorcaí sé mhilliún euro ag cóiriú na háite.

Turasóireacht cuir in eagar

 
Na Sasanaigh ag imeacht, 1938

ionad turasóireachta ann anois. Is féidir cuairt a thabhairt ar an oileán ar bhád as Cóbh. Thug 45,000 duine cuairt ar an oileán i 2016.

Ag na Duaiseanna Taistil Domhanda sa Rúis i 2017, bronnadh an chéad duais ar Ionad Turasóireachta Inis Píc.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Inis Píc" (ga). Comhairle Contae Chorcaí. Dáta rochtana: 2022-09-19.
  2. Cuairt ar Inis Píc. Feasta 67 (7), 16. Aodán Ó Sé.
  3. Eleathanach 271, 2 Deireadh Fómhair 2017