Is éard is intleacht shaorga ann ná córais ríomhaireachta ar féidir fadhbanna casta a réiteach, patrúin a aithint, agus comhairlí a chinneadh leo nach féidir a dhéanamh de ghnáth ach le hintleacht dhaonna, le hairíonna cosúil le foghlaim, asbheirt, imfhios is féincheartú.

Intleacht shaorga
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálearnáil eacnamaíochta, type of technology (en) Aistrigh agus branch of computer science (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata
CA. Subredditartificial Cuir in eagar ar Wikidata

Is é a bhíonn i gceist ná aithris a dhéanamh le ríomhairí, an oiread agus is féidir, ar na próisis dhaonna intinne seo.

Cuimsíonn an t-ábhar brainsí éagsúla den ríomheolaíocht: cibirnitic, córais bunaithe ar eolas, próiseáil teanga nádúrtha, aithint ghutha, aithint phatrún, is róbaitic, agus go dtí seo tá an-dul chun cinn déanta i gcórais shaineolacha.

Cuirtear gach blúire den bhuneolas ar ábhar áirithe — airgeadas, míochaine, dlí nó eile — i gclár ríomhaire, agus cuirtear cláir leis sin chun socruithe áirithe a dhéanamh i gcásanna éagsúla.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Intleacht shaorga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 373.