Is í An Ionúitis (ᐃᓄᒃᑎᑐᑦ) an t-ainm a thugtar ar na teangacha Ionúitise ar fad a labhraítear i gCeanada. Tugtar aitheantas don Ionúitis mar theanga oifigiúil i Nunavut agus i gCríocha an Iarthuaiscirt agus tá aitheantas dlíthiúil tugtha ag Nunavik (ceantar i Quebec). Labhraítear an teanga seo ó thuaidh de líne na gcrann, ceantair i dTalamh an Éisc agus Labradóir, Québéc, Manitoba ina measc. Tá sí níos forleithne sna Chríocha Nunavut, agus Críocha an Iarthuiscirt, agus cósta an Iúcáin.

Infotaula de llenguaAn Ionúitis
ᐃᓄᒃᑎᑐᑦ
Cineálteanga, teanga bhundúchasach, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais39,770 (2016)
Dúchasach doNunavut agus Nunavik (en) Aistrigh
StáitCeanada
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Eiscimea-Ailiútacha
teangacha Ionúitigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaInuktitut syllabics (en) Aistrigh, aibítir Laidineach, Canadian Aboriginal syllabics (en) Aistrigh agus Eskimo alphabet (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheInuit Tapiriit Kanatami (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1iu
ISO 639-2iku
ISO 639-3iku
Linguasphere60-ABB-d
Ethnologueiku
IETFiu
Endangered languages6449

Canúintí cuir in eagar

Críocha an Iarthuiscirt agus an Iúcáin cuir in eagar

Glaoitear Ionúitigh nó Inuvialuit ar na hIonúití atá ina chónaí sna Chríocha Iarthuiscearta agus den cuid is mó tá siad ina chónaí sa Réigiún Lonnaithe na nIonúiteach atá ar an gcósta Artach. Gaoitear ‘’’Inuvialuktun’’’ ar an ngrúpa canúintí a labhraítear sa réigiún seo, ach tá na trí chanúintí atá sa ghrúpa seo an difriúil óna chéile.

  • Kangiryuarmiutun: Is iad an pobal Ulukhaktok den gcuid is mó a labhraíonn an canúint seo. Tá an chanúint seo an chosúil le Inuinnaqtun a labhraítear i Nunavut.
  • Siglitun: Is iad na pobail Paulatuk, Sachs Harbour agus Tuktoyaktuk a labhraíonn an chanúint seo atá lonnaithe sna oileáin Artach. Ceaptar go raibh an chanúint marbh go dtí na 1980óidí nuair a thángthas trasna ar an teanga arís.
  • Uummarmiutun: Is iad na pobail Inuvik agus Aklavik a labhraíonn an chanúint seo.

Nunavut cuir in eagar

Is í Nunavut an réigiún is mó sa domhan Ionúiteach. Tá ceithre teanga oifigiúil ag Nunavut: Béarla, Fraincis, Inuktitut agus Inuinnaqtun, ach níl sé soiléir go bhfuil Inuktitut agus Inuinnaqtun ina dteangacha difriúla nó canúintí don teanga céanna. Uaireanta úsáidtear Inuktitut le cur síos a dhéanamh ar an dá teanga. Tá thart ar 24,000 Ionúití ina gcónaí sa chríoch agus tá Inuktitut ag 80% acu (3,500 acu a labhair Inuktitut amháin). Dár leis an daonáireamh 2001, tá an teanga níos coitianta i measc na seandaoine ná na daoine óga agus go bhfuil stop churtha le cúlú an teanga agus tús le fás an teanga arís.

  • Inuinnaqtun: Is í Inuinnaqtun teanga/canúint a labhraítear in iarthar an Réigiún Kitikmeot. Is é an modh scríbhneoireachta an phríomh-dhifríocht idir Inuinnaqtun agus gnáth Inuktitut. Úsáideann Inuinnaqtun an aibítir Rómhánach seachas córas siollaí.
  • Natsilingmiutut: Labhraítear an chanúint seo in oirthear an Réigiún Kitikmeot.
  • Kivallirmiutut: Labhraítear an chanúint seo sa Réigiún Kivalliq in aice an teorainn le Manitoba.
 
Dáileadh na dteangacha Ionúitise san Artach.

Tagairtí cuir in eagar