Ar an 1 Meán Fómhair 1939 rinne an Ghearmáin ionradh ar an bPolainn. Dhá lá ina dhiaidh sin d’fhógair an Bhreatain agus an Fhrainc cogadh ar an nGearmáin. Bhí tús curtha leis an Dara Cogadh Domhanda.[1]

1939 set of maps illustrating the German invasion of Poland in World War II.jpg

CúlraCuir in Eagar

Ar 23 Lúnasa 1939, shínigh an Ghearmáin Naitsíoch agus an Rúis Shóivéadach an Comhaontú Naitsí-Shóivéadach. Rinne siad gealltanas gan ionsaí a dhéanamh ar a chéile ar feadh deich mbliana Ag an am céanna, bhí an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tar éis conradh rúnda a shíniú faoi chríochdheighilt na Polainne. Shocraigh siad go roinnfí talamh na Polainne idir an dá thír. Bhí an conradh tábhachtach do Hitler mar thiocfadh leis ionsaí a dhéanamh ar an Pholainn gan a bheith buartha go dtroidfeadh arm na Rúise ina éadan.

 
paráid bhuacach i Vársá, Meán Fómhair 1939

IonradhCuir in Eagar

Chuir an Comhaontú Naitsí-Shóivéadach deireadh leis an bhagairt intuigthe a bhain leis an bharántas Angla-Fhrancach, a tugadh don Pholainn lena slándáil a chosaint. Mar sin, ar 1 Meán Fómhair 1939, chuir na Gearmánaigh deireadh leis an fhanacht agus d’ionsaigh siad an Pholainn. Ar 17 Meán Fómhair 1939, rinne na Rúisigh ionradh ar an Pholainn ón oirthear. .

Ní amháin go raibh Hitler ag comhlíonadh aidhm Lebensraum agus é ag déanamh ionraidh ar an Pholainn, ach laghdaigh an t-ionradh an brú eacnamaíoch a bhí ar an Ghearmáin trí acmhainní nádúrtha a bhí de dhíth go géar a ghnóthú don gheilleagar.[2]

Ní thug na Sasanaigh ná na Francaigh cúnamh do na Polannaigh, scriosadh an dóchas láidir a bhí ann ar dtús. Phlódaigh na mílte timpeall ambasáidí na Ríocht Aontaithe is na Fraince i Vársá le God Save the King agus an Marseillaise a chanadh in ómós do na comhghuaillithe. Rinne na Francaigh ionsaí ar an tSárlainn in iarthar na Gearmáine, ach ní raibh na Gearmánaigh i bhfad ag cur cúl ar an ionsaí seo.

 
D.F. 1939: críochdheighilt na Polainne

Troideadh an cath deireanach, Cath Kock, at 6 Deireadh Fómhair 1939. Bhí cur in éadan míleata na Polainne scriosta ag na Gearmánaigh. Bhí na Polannaigh cloíte, agus roinn an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach an tír eatarthu mar a bhí socraithe acu.

ÉireCuir in Eagar

Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, d’fhógair rialtas Shaorstát Éireann go mbeadh Éire neodrach.[3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Foras na Gaeilge. "An Dara Cogadh Domhanda - PDF".
  2. Diarmaid Ua Bruadair, St Mary's. "An Ghearmain Naitsioch" 50. Dáta rochtana: 2019.
  3. Foras na Gaeilge. "An Dara Cogadh Domhanda - PPT". Dáta rochtana: 2020.