Tharla Ionsaí Ottawa ar an 22 Deireadh Fómhair 2014. Léim fear amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte in Ottawa, príomhchathair Cheanada.[1] Fuair an garda bás tamaill ina dhiaidh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí Ottawa
Íomhá
Map
 45°25′N 75°42′W / 45.42°N 75.7°W / 45.42; -75.7
Cineálfusillade (en) Aistrigh
dúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana22 Deireadh Fómhair 2014 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNational War Memorial, Ontario (en) Aistrigh
Centre Block, Ontario (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Ottawa, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
TírCeanada Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Spriocsibhialtach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe3 Cuir in eagar ar Wikidata


Séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte in Ottawa

Thiomáin an fear gunna leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte.  Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála  a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh sé garda agus duine eile (gortaíodh iad) sular mharaigh garda eile an sceimhlitheoir.

Tithe na Parlaiminte

'Sé t-ainm a bhí ar an sceimhlitheoir ná Michael Zehaf-Bibeau, fear a d'fhás suas i gCeanada. Ní raibh ach raidhfil seanfhaiseanta aige agus comhchoirithe ar bith. Andúileach drugaí ab ea é, ar saobhchiall agus meabhairghalar air,[2] agus níorbh aon díograiseoir creidimh é i ndáiríre.[3]

Cúlra cuir in eagar

Ar an 20 Deireadh Fómhair 2014. thiomáin fear (Martin “Ahmad” Rouleau agus Ioslamach radacach) gluaisteán a bhuail beirt saighdiúirí a bhí ag siúl ar an gcosán i gcathair St Jean-sur-Richelieu.[4] Maraíodh duine acu (Patrice Vincent).  Lean na gardaí Rouleau agus mharaigh siad é.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Aralt Mac Giolla Chainnigh (2014). "Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-22.
  2. Daniel Bates (2014-10-24). "Canada's jihadi killer went from Catholic private schoolboy to criminal drug addict just two years after mother's adultery sparked parents' divorce". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-10-22.
  3. "Michael Zehaf-Bibeau: Addict, drifter, walking contradiction". www.macleans.ca. Dáta rochtana: 2020-10-22.
  4. "2014 Saint-Jean-sur-Richelieu ramming attack" (as en) (2020-08-09). Wikipedia.