Ionsaithe ar 13 Samhain 2015 i bPáras
Maraíodh 130 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras ar oíche Aoine an 13 Samhain 2015, an eachtra sceimhlitheoireachta ba mheasa san Eoraip ó maraíodh 192 duine i mbuamáil traenach Mhaidrid sa bhliain 2004.
| |||||
Cineál | coordinated terrorist attack (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sa Fhrainc agus sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip | ||||
Dáta na bliana | 13 Samhain 2015 | ||||
Suíomh | Bataclan, An Fhrainc (en) Stade de France, An Fhrainc rue Bichat, An Fhrainc rue de la Fontaine-au-Roi, An Fhrainc La Belle Équipe, An Fhrainc boulevard Voltaire, An Fhrainc Le Petit Cambodge, An Fhrainc , Páras, An Fhrainc Saint-Denis, Seine-Saint-Denis, An Fhrainc | ||||
Tír | an Fhrainc | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | sibhialtach | ||||
Cúis | antoisceachas Ioslamach foreign involvement in the Syrian civil war (en) | ||||
Ba chúis leis | 2015 Saint-Denis raid (en) | ||||
Líon básanna | 137 | ||||
Líon gortaithe | 413 | ||||
Arm | AKM (en) Gránáid explosive belt (en) | ||||
Meán cumarsáide | |||||
Ionsaithe cuir in eagar
1. Pléascanna Stade de France cuir in eagar
2. Scaoileadh marfach cuir in eagar
Maraíodh tuairim is 40 sna ionsaithe ag bialanna sa chathair (Rue Bichat, Rue Alibert, Rue de la Fontaine-au-Roi, Rue de Charonne, agus Boulevard Voltaire):
· 19 ag La Belle Equipe, bialann san 11ú arrondissement
· 12-14 ag beár Le Carillon, sa mbialann Le Petit Cambodge sa 10ú arrondissement
· 5 ag La Casa Nostra san 11ú arrondissement
3. Sléacht Bataclan cuir in eagar
Maraíodh 90 duine san eachtra uafáis, a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Bataclan ar 13ú Samhain, tar éis do 4 ionsaitheoirí a bhí armtha agus a raibh ábhar pléascach acu breis agus 100 duine a thógáil ina ngialla ansiúd. 15 a maraíodh ar dtús báire. Ach rinne fórsaí slándála ruathar ar an amharclann agus. Chualathas rois mhór urchair agus pléascáin ann. Mhaidhm na gunnadóirí na criosanna pléascán a bhí orthu nuair a tharla sin. Ansin chaith na hionsaitheoirí urchair agus ábhar pléasctha leis na gialla[1].
Toradh cuir in eagar
Bhí daoine ó thíortha éagsúla ar fud an domhain i measc na marbh, roinnt mhac léinn ina measc.. Gortaíodh Éireannach amháin sna h-ionsaithe.
Ceantair faiseanta anamúla iad an 10ú agus an 11ú arrondissement, mar a mbíonn na caiféanna agus na bialanna plódaithe tráthnóna Dé hAoine. Bailíonn daoine óga anseo chun tús a chur leis an deireadh seachtaine, gliondar orthu agus iad ag gáirí agus ag cabaireacht.[2]
Náisiúntacht | Básanna |
---|---|
An Fhrainc | 99 |
An tSile | 3 |
An Spáinn | 3 |
An Ailgéir | 2 |
An Bheilg | 2 |
An Éigipt | 2 |
Meicsiceo | 2 |
An Phortaingéil | 2 |
An Rómáin | 2 |
An Túinéis | 2 |
An Fhrainc/ An Rúis | 1 |
An Fhrainc/ Buircíne Fasó | 1 |
An Fhrainc/ An Ailgéir | 1 |
An Ghearmáin | 1 |
An Airméin | 1 |
An Iodáil | 1 |
Maracó | 1 |
An tSualainn | 1 |
An Ríocht Aontaithe | 1 |
Stáit Aontaithe/ Meicsiceo | 1 |
Iomlán | 130 |
Na sceimhlitheoirí cuir in eagar
Bhí ráiteas eisithe ag an eagraíocht Stáit Ioslamach ISIS ag rá gurb iad a bhí freagrach as na h-ionsaithe a tharla i bPáras. Dúirt an ráiteas go mbeadh an Fhrainc ina thargaid acu chomh fada is a lean an tír sin ar aghaidh ag déanamh ionsaithe aeir ar chríocha a bhí gafa ag ISIS agus ag maslú an Fáidh Mohammed.
Bhí triúr ionsaitheoirí aitheanta ina saoránaigh de chuid na Fraince.[3] Creidtear gurb é Salah Abdeslam, 26 bliain d'aois, an t-aon duine den ghrúpa mílisteach a rinne na hionsaithe ar éirigh leis na cosa a thabhairt leis. Gabhadh sa mBruiséil é i mí Márta 2016 tréis dó bheith ar a theitheadh ar feadh cheithre mí.[4]
Ainmníodh na sceimhlitheoirí eile, mar shampla Foued Mohamed Aggad. Thaistil Aggad chun na Siria sa bhliain 2013 agus bíodh is gur gabhadh formhór an bhuínn nuair a fhill siad ar an Fhrainc i 2014.[5]
Fuarthas pas teifigh ón tSiria a cheaptar a cláraíodh sa nGréig i nDeireadh Fómhair 2015 gar do chorp duine do na hionsaitheoirí i bPáras[6].
Iarmhairtí cuir in eagar
Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig airí an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le bearta slándála teorann níos déine i limistéar Schengen, limistéar saor ó phasanna.[7]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ RTÉ (2015). "128-ar-a-laghad-maraithe". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ TUAIRISC.ie (2015). "TUAIRISC Ó PHÁRAS: ‘An cogadh atá anseo againn, a mhamaí?’". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTÉ (2015). "Ionsaithe Phárais: ceannlinte". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTE (2016). "Diúltaíonn Abdeslam ceisteanna ó Bhreitheamh sa bhFrainc a fhreagairt". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTÉ (2015). "Tá údaráis agus póilíní Pháras théis an tríú buamálaí a rinne ionsaí ar cheoláras an Bataclan i bPáras a aithint". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTÉ (2015). "Fuarthas gunnaí Kalashnikov i gcarr dubh". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2017-12-16.