Is é an t-iridiam dúil uimhir a 77 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Ir. Ceann de na miotail phlatanamchosúla é, agus é ar an miotal is fearr a sheasann creimeadh. Ba é Smithson Tennant a d'aithin an chéad uair é, sa bhliain 1803, agus d'ainmnigh sé as Iris, bandia Gréagach an bhogha báistí, é, toisc go raibh dathanna láidre ina lán salann iridiam. Níl sé le fáil sa dúlra ach go tearc, agus ní tháirgtear mórán de, ach baintear sainúsáid as i gcraobhacha áirithe tionsclaíochta.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachIridiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Iridiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachIr
Uimhir adamhach77
Mais adamhach192.217
Peiriad, Grúpapeiread 6
grúpa 9
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.2
Ga ianach0.68, 0.63 agus 0.57
Stair
AimsitheoirSmithson Tennant
Fionnachtain1803
EapainmIris (en) Aistrigh

Miotal bán nó bánbhuí é an t-iridiam - is ar an imir bhuí is fearr a aithníonn súil an duine thar an bplatanam é. Cosúil leis na miotail eile i ngrúpa an phlatanaim, tá an t-iridiam iontach trom - beagnach chomh trom leis an oismiam.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an iridiam, mar atá, Ir-191 (37.3 % d'iridiam an dúlra) agus Ir-193 (62.7 % d'iridiam an dúlra). Iseatóip chobhsaí iad - níl teacht ar aon raidiseatóp iridiam sa dúlra.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +4. Is í an t-aon ocsaíd a bhfuil na ceimiceoirí eolach uirthi ná an dé-ocsaíd IrO2, ar púdar donn í. Deirtear go bhfuil seisce-ocsaíd (trí-ocsaíd dé-iridiam, Ir2O3) ann freisin, agus gur púdar dúghorm í, ach níl cur síos cuimsitheach ar fáil ar an ocsaíd seo, agus is ábhar conspóide í i gcónaí. Is féidir leis an iridiam dul i gcomhdhúile den dá chineál le dúile eile i ngrúpa na hocsaigine, áfach: d'éirigh leis na ceimiceoirí an dá chineál suilfídí (IrS2, Ir2S3), seiléinídí (IrSe2, Ir2Se3) agus teallúirídí (IrTe2, Ir2Te3) a chruthú. Tá tuairisc tugtha ar an tríshuilfíd IrS3 freisin. Tá sraith iomlán halaiginídí ann ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +3 ag an iridiam: an fhluairíd IrF3, an chlóiríd IrCl3, an bhróimíd IrBr3 agus an iaidíd IrI3. Is féidir leis an bhfluairín an t-iridiam a ocsaídiú go staid níos airde fós, agus mar sin, tá teitreafhluairíd, peinteafhluairíd agus heicseafhluairíd ann.