Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of Their Own Language (1818)

Bunaíodh an Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of Their Own Language i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1818. Bhí sé mar aidhm ag an Society scrioptúr reiligiúnach a chur ar fáil i nGaeilge.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaIrish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of Their Own Language
Sonraí
Cineálord misinéireachta Críostaí Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1818
Bunaitheoir(í)Robert Daly agus Henry Joseph Monck Mason Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1914 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
"Ár nAthair"ː inscríbhinn ar an mballa sa séipéal Pater Noster, Iarúsailéim

Grúpa misinéireachta Protastúnach ba ea an Society a dhírigh ar Chaitlicigh a labhair Gaeilge a iompú ina bProtastúnaigh. Bhunaigh baill d’Eaglais na hÉireann an cuman.[2]

Cé gur laistigh den Eaglais Bhunaithe, an Eaglais Anglacánach, a tháinig an ‘Irish Society’ chun cinn, bhain sé le heite ar leith den Eaglais sin, leis an eite íoseaglasta nó ‘low church’, leis an eite shoiscéalach Chailvíneach.[3]

Imeachtaí cuir in eagar

Ba iad Henry Joseph Monck Mason (1778–1858), abhcóide (a bhí fostaithe mar phríomhleabharlannaí in Ósta an Rí) agus Robert Daly (1783–1872), a bhí an uair sin ina reachtaire i gCúirt an Phaoraigh) na príomhbhunaitheoirí. D'éirigh Daly ina easpag Chaisil, Imligh, Phort Láirge agus na Leasa Móire sna blianta 1843–72. Easpag eile a bhí taobh thiar den Society ba ea Power le Poer Trench (ardeaspag Thuama 1834–1839).

Foilsíodh an chéad tuarascáil ón Irish society sa bhliain 1818. Is cuid de bhailiúchán Stairiúil Ginearálta Leabharlann na Parlaiminte (Leabharlann an Oireachtais) an foilseachán seo.[1]

Faoin mbliain 1829 bhí Monck Mason in ann dóchas a léiriú as obair an chumainn nuair a chuir sé na staitisticí seo i láthair:

Districts: 24ː Inspectors: 28; Masters: 472; Pupils: 17,512 (of which: Adults:13,546 Females: 2,493)[4]

Sa bhliain 1830 d’fhoilsigh an Scoiety Bíobla agus Tiomna Nua a chuir Éadbhard Ó Raghallaigh in eagar faoi mhaoirseacht Monck Mason.[5]

Conspóid cuir in eagar

Ba shoiléir ar an gcéad riail a bhí ag an gcumann nach raibh i múineadh léamh na Gaeilge ach réiteach praiticiúil. An cuspóir a bhí ag an obair seo ná cumas léite Gaeilge a thabhairt d’fhoghlaimeoirí fásta le go mbeidís in ann an Bíobla Gaeilge a léamh. Ní raibh scríobh na teanga i gceist ar chor ar bith.

Mar sin, ba mhinic ráite ag an Society é go gcuirfeadh léamh na Gaeilge na foghlaimeoirí ar bhóthar an Bhéarla. Ba nós leo a bheith á gcosaint féin orthu siúd a d’áiteodh go mbeadh obair an chumainn ag cur moill ar bhás na Gaeilge, teanga a bhí, dar leo, ina bhac ar dhul chun cinn na sochaí.[3]

Ach ag an am céanna, ba bheag a bhí idir meon na bProtastúnach soiscéalach agus meon na hEaglaise Caitlicí i leith na Gaeilge: teanga na n-íochtarán ab ea í dar leo beirt.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Dr. Aoife Whelan (2019). "‘Ireland can’t hope to preserve a tinge of national distinctiveness if the Irish language should disappear’ – ocht ‘seoid’ Ghaeilge ó Leabharlann an Oireachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-04.
  2. de Brún, P. (2009) Scriptural Instruction in the Vernacular: The Irish Society and its Teachers 1818-1827. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
  3. 3.0 3.1 Proinsias Ó Drisceoil. "An Irish Society agus Obair na Bíoblóireachta". An Linn Bhuí, lgh. 183-216. 
  4. Henry Joseph Monck Mason, Reasons and Authorities and Facts Afforded by the History of the Irish Society Respecting the Duty of Employing the Irish Language as a more General Medium for Conveying Scriptural Instruction to the Native Peasantry of Ireland (Baile Átha Cliath: Goodwin 1829)
  5. Fergus Ó Fearghaíl - An Bíobla Gaeilge in Éirinn. Irisleabhar Mhá Nuad, (2015 lch 41-87). "Irisleabhar Mhá Nuad" (ga). www.irisleabhar.ie. Dáta rochtana: 2021-07-04.