An seachtú Príomh-Bhreitheamh is fiche ar an India (25 Márta 1997 go 18 Eanáir 1998) ba ea Jagdish Sharan Verma (18 Eanáir 193322 Aibreán 2013).

Infotaula de personaJ. S. Verma

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Eanáir 1933
Satna, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Aibreán 2013
80 bliana d'aois
Gurugram, An India Cuir in eagar ar Wikidata
27 Príomh-Bhreitheamh na hIndia
25 Márta 1997 – 18 Eanáir 1998
← Aziz Mushabber AhmadiMadan Mohan Punchhi → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Allahabad Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

 
2011ː All India Conference of the Central Administrative Tribunal

Céimí de chuid Ollscoil Allahabad, bhí J. S. Verma ina dhlíodóir ó 1955 go 1972, nuair a ceapadh ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt Madhya Pradesh é. Bhí sé ar an líon beag breithiúna a chuir in aghaidh na hÉigeandála a bhí ann ó 1975 go 1977.[1]

Ceapadh ina Phríomh-Bhreitheamh ar Ard-Chúirt Madhya Pradesh é sa bhliain 1985 agus ina Phríomh-Bhreitheamh ar Ard-Chúirt Rajasthan an bhliain dár gcionn.

Cúirt Uachtarach cuir in eagar

 
ag foilsiú a leabhar, "Contemporary Issues in Public Accountability and Audit", in New Delhi, 2012

Bhí sé ar Chúirt Uachtarach na hIndia ar feadh beagnach naoi mbliana, na deich mí dheireanacha mar Phríomh-Bhreitheamh.[1]

Agus J. S. Verma ina bhall den Chúirt Uachtarach, bhí páirt aige sa leathnú a tharla ar leigheasanna breithiúnacha maidir le damáiste don chomhshaol, neamh-chomhionannas inscne, éilliú agus ionsaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna. Ag an am céanna, bhí sé ag caomhnú cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a aithníodh roimhe sin, go mór mór má bhí nádúr saolta an stáit Indiaigh i mbaol nó má bhí mí-úsáid á baint as cumhachtaí tugtha ag reachtaíocht slándála náisiúnta.[1]

 
Léacht J.S. Verma Memorialː ‘Freedom & Responsibility of Media’, in New Delhi, 2015
 
23 Eanáir 2013ː fuair é bás go gairid ina dhiaidh

Ar scor cuir in eagar

Tar éis dó éirí as mar bhall den Chúirt Uachtarach, bhí J. S. Verma ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine ó 1999 go 2003, tráth a raibh an Coimisiún chun tosaigh san iarracht na daoine a bhí taobh thiar díobh a dhéanamh freagrach as na hainghníomhartha a tharla i nGujarat sa bhliain 2002.[1]

Bhí J. S. Verma gníomhach sa saol poiblí go dtí deireadh a shaoil beagnach, mar chrann taca do chúiseanna ar nós an chirt chun faisnéise. Is é an ról tábhachtach deireanach a bhí aige cathaoirleacht Choiste Verma, a rinne athbreithniú ar na leasuithe ar an dlí coiriúil a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun dul i ngleic le héigniú agus ionsaí gnéasach go héifeachtach. Cuireadh roinnt moltaí a rinne an Coiste i bhfeidhm tríd an Reacht um an Dlí Coiriúil (Leasú), 2013 agus an tAcht um an Dlí Coiriúil (Leasú), 2013.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Scoil Dlí, COBÁC. "J.S. Verma". Dáta rochtana: 2021.