Jack Charlton
Imreoir agus bainisteoir sacair ab ea John "Jack" Charlton (a rugadh ar an 8 Bealtaine 1935 i Northumberland, Sasana agus a d'éag ar 10 Iúil 2020). Chaith Jack Charlton 10 mbliana ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann idir 1986-96.[1] Bhí Charlton i gceannas do ré órga inar cháiligh an tír den chéad uair do chomórtais mhóra an domhain.[2] Tá an Sasanach sa Táin in Éirinn mar gheall ar na gaiscí a rinne foireann na hÉireann agus é ina cheann feadhna orthu.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 8 Bealtaine 1935 Ashington, England | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bás | 10 Iúil 2020 85 bliana d'aois Northumberland, England | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ainm cleite | Jirafa | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 1.87 m | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir sacair, bainisteoir sacair, dírbheathaisnéisí, association football national coach (en) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tréimhse oibre | 1952 – 1973 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm mhíleata | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Brainse míleata | Arm na Breataine | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tír spóirt | Sasana | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | sacar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Cúlaí láir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meitheamh 1988 | UEFA Euro 1988 (en) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1970 | Corn FIFA an Domhain 1970 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meitheamh 1968 | 1968 UEFA European Championship (en) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Iúil 1966 | Corn FIFA an Domhain 1966 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Siblín | Bobby Charlton | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Saol
cuir in eagarLeeds
cuir in eagarDo Leeds United F.C. amháin a d’imir Jack Charlton, ó 1950 go dtí 1973. D’imir sé níos mó cluichí don chlub sin ná mar a d’imir aon duine eile. 773 cluiche a d’imir sé don chumann in Yorkshire. Níos mó ná scór bliain a chaith sé ag imirt do Leeds United agus bhuaigh sé an tsraith leo in 1969, Corn FA in 1972, Corn na Sraithe in 1968 agus Corn UEFA faoi dhó, in 1968 agus in 1971.
Bhuaigh Charlton Corn Sacair an Domhain le foireann náisiúnta Shasana i 1966. Bhí a dheartháir Bobby ann chomh maith.
Bainisteoir na hÉireann
cuir in eagarBa é Charlton an chéad eachtrannach a ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann nuair a tugadh an post dó i 1985. Bhain an fhoireann áit amach ag mórchomórtas idirnáisiúnta den chéad uair nuair a cháiligh siad do EURO 88 in Iarthar na Gearmáine. Bhí Charlton i gceannas ar Éirinn do chuid na cluichí is tábhachtaí agus na hócáidí spóirt is taibhsiúla i stair na tíre, ina measc
- an bua in aghaidh a thíre féin, Sasana, ag EURO 88,
- an cluiche in aghaidh na Romaine ag Italia 90 agus
- an bua in aghaidh na hIodáile ag USA 94.
- i 1990, shroich Éire Corn an Domhain den chéad uair
- chuaigh an fhoireann chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais in Italia '90.
- is é USA '94 an mórchomórtas deireanach ag Charlton.
D'éirigh Charlton as an bpost i 1996.
Ar scor
cuir in eagarBronnadh saoránacht oinigh na hÉireann ar Charlton, chomh maith le Saoirse na Cathrach Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1994.
Tháinig liomfóma ar Charlton i 2019 agus bhí néaltrú air le roinnt blianta anuas. D'éag sé ar 10 íúil 2020 [3]. Bhí sé 85 bliain d’aois.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2020-07-12). "Leabhar Comhbhróin ar líne do Jack Charlton" (as ga).
- ↑ Pádraic Ó Ciardha. "JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-12.
- ↑ "Jack Charlton: England 1966 World Cup hero dies at 85" (en). Sky News. Dáta rochtana: 2021-07-09.