Jagadguru Kripaluji Maharaj

(Athsheolta ó Jagadguru)

Ba mháistir spioradálta Hiondúch é Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj[1]. B'é an cúigiú duine i stair na hIndia a bhain an teideal Jagadguru amach. Is éard is ciall leis an téarma Sanscraite Jagadguru ná "ardmháistir spioradálta an domhain". Bhí lucht leanúna aige ar fud an domhain. Thug siad Shree Maharajji air lena gceanúlacht air a chur in iúl.[2] Cailleadh é ar an 15 Samhain 2013 tar éis díobháil inchinne.[3]

Infotaula de personaJagadguru Kripaluji Maharaj

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1922
Ceantar Pratapgarh, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Samhain 2013
91 bliana d'aois
Deilí Nua, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Gníomhaíocht
Gairmgúrú Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnMukundananda
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjkp.org.in Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Jagadguru.Kripaluji.Maharaj Youtube: UCBwhunHw3_4phRmBdka4Duw Cuir in eagar ar Wikidata
Slua mór ag éisteacht le hóraid spioradálta Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj san India

Óige Kripaluji Maharaj cuir in eagar

Rugadh Jagadguru Kripaluji Maharaj i nDeireadh Fómhair 1922 é,[4] agus b'é an chéad ainm a bhí air ná Ram Kripalu. Nuair a tháinig Kripaluji Maharaj chun saoil, bhí oíche lánré ann, agus an fhéile úd Sharat Poornima (Féile na Lánré) á ceiliúradh. Teaghlach reiligiúnda Brámain ab ea a mhuintir, agus cónaí orthu i Mangarh, sráidbhaile beag in aice le hAllahabad san India. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, cuireadh chuig coláiste Sanscraite é in Indore le teanga an tseanléinn Indiaigh a fhoghlaim agus le staidéar a dhéanamh ar an litríocht sa teanga. Creidtear nár thóg sé ach dhá bhliain air le deireadh a chur ar an gcúrsa léinn.[5]

Ní raibh Kripaluji Maharaj ach sé bliana déag d'aois, nuair a thug sé cuairt ar Chitrakoot, Sharbhang, Mahoba agus Jhansi. Chaith sé dhá bhliain i ndlúthfhoraois na hIndia ag déanamh a mharana ar Dhia agus ar chúrsaí creidimh. I rith an ama seo, thuill sé an teideal Sanscraite 'महाभाव', mar aitheantas ar an riocht spioradálta ina raibh sé.

An ardmháistreacht spioradálta cuir in eagar

 
Varsani (Kashi) - Cathair Naofa an Hiondúchais

Sa bhliain 1955, d'eagraigh Jagadguru comhdháil reiligiúnda i Chitrakoot san India. Tháinig ceannairí spioradálta mór le rá na hIndia le chéile ansin. Ar na toscairí, bhí Mahamahopadhyay Giridhar Sharma, uachtarán na scoláirí reiligiúnda in Kashi, Kashi Vidvat Parishat. Chuaigh saíocht reiligiúnda Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj go mór i bhfeidhm air.[6].

Sa bhliain 1956, i rith comhdhála reiligiúnda eile i Varanasi[7], tháinig Shree Raj Narain, Shat Shastree chun éisteacht le léachtaí Kripaluji Maharaj. Thug sé cuireadh do Kripaluji Maharaj léachtaí a thabhairt do scoláirí reiligiúnda in Kashi. Mar sin, chuaigh Kripaluji ansin sa bhliain 1957.[8]

Tháinig scoláirí reiligiúnda na cathrach naofa ar fad le chéile in araicis an teagaisc a thabharfadh Kripaluji Maharaj dóibh, timpeall is dhá chéad míle duine ar fad. Ba mhó an t-ábhar iontais dóibh an tuiscint a bhí ag Jagadguru Shree ar an gcreideamh Hiondúch agus do na scríbhinní naofa. Bhí dianstaidéar déanta aige ar na Véidí, ar na hÚpainiséadaí, ar na hUipvéidí, ar na Veideangaí, ar na Dairsean-Seastraí, ar na Puranaí, ar na hIteahaí, rud ab annamh do dhuine nach raibh ach cúig bliana déag is fiche d'aois. Labhair Kripalu Maharaj ar feadh seacht lá. I ndiaidh na n-óráidí, bhronn na scoláirí an teideal Jagadguru[9] air. Roimhe sin, níor tugadh an teideal seo ach do chúigear máistrí le cúig mhíle bliain anuas, mar atá, Adi Sankaracharya (509-477 RC), Nimbarkacharya (roimh 600 RC), Madhavacharya (sa tríú haois déag) agus Ramanujacharya (1017-1137 i ndiaidh bhreith Chríost).

Leathanacha eile cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar