James Watson Cronin
fisiceoir Meiriceánach
Fisiceoir a rugadh i Chicago ab ea James Watson Cronin (29 Meán Fómhair, 1931 – 25 Lúnasa, 2016). Sa bhliain 1964, ag obair le Val Logsdon Fitch, léirigh sé nach n-imchoimeádtar comhshiméadracht na paireachta is an chomhchuingriú luchta i meath lag céón neodrach. Roinn an bheirt Duais Nobel na Fisice i 1980 as an léargas bunúsach seo i bhfisic na gcáithníní..[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Watson Cronin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 186.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |