Joe Biden
Is é Joseph Robinette “Joe” Biden, Jr., a rugadh ar 20 Samhain 1942, 46ú hUachtarán na Stát Aontaithe.
GairmréimCuir in Eagar
Bhí Biden ina sheanadóir ar son Delaware ón bhliain 1973 ar aghaidh leis an bPáirtí Daonlathach.
Bhí sé ina leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin uachtarán Barack Obama (2009–2017). Is mór an taithí agus eolas a bfhuair séle linn na tréimhse seo sa réim gnóthaí eachtracha go háirithe.
Toghchán uachtaránachta, 2020Cuir in Eagar
Fuair Biden an bua ar Donald Trump sa toghchán uachtaránachta ar an 3ú Samhain 2020.[1]
Thug Trump agus muintir Trump óráidí inar mhaígh siad gur toghchán calaoiseach a bhí i dtoghchán na Samhna 2020, maíomh bréige.
Rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump, ruathar ar Chaipeatól na Stát Aontaithe in Washington D.C. ar 6 Eanáir 2021.
Táinsíodh Teach na nIonadaithe an 45ú uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump don dara huair ar 13 Eanáir, 2021, seachtain amháin sular tháinig deireadh lena théarma agus insealbhú Joe Biden mar uachtarán ar an 20 Eanáir.
UachtaránCuir in Eagar
Ba ar Biden a bhí an tóir san Earrach agus pleananna eacnamaíochta agus infreastruchtúir a bhfuil na céadta billiún dollar luaite leo á bhfógairt aige.[2]
Gnóthaí eachtrachaCuir in Eagar
D’imigh cuid den loinnir dá uachtaránacht i mí Lúnasa 2021 nuair a rinne an Talaban athghabháil ar Chabúl agus ar an gcuid eile den Afganastáin tar éis d’fhórsaí armtha SAM tarraingt siar as an tír sin tar éis 20 bliain – rud a d’fhág an Afganastáin ina deachtóireacht reiligiúnach arís nach mór thar oíche.[2]
Féach freisinCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagirtíCuir in Eagar
- ↑ "Joe Biden elected president". CNN.
- ↑ 2.0 2.1 Alex Hijmans (27 Nollaig 2021). "Aibítir na Gréigise á múineadh ag an gcoróinvíreas dúinn agus an domhan ag dó leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-10.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |