Joe Steve Ó Neachtain

aisteoir agus scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir agus aisteoir as an gCré Dhubh sa Spidéal i gConamara ab ea Joe Steve Ó Neachtain (25 Deireadh Fómhair 1942 - 19 Eanáir 2020[1]). Bhí cáil air freisin mar scríbhneoir amhrán, drámadóir agus craoltóir.[2][3][4] In ómós do nuair a bhásaigh sé, dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, "Ba scríbhneoir ildánach, file agus aisteoir den scoth é Joe Steve agus é sáite fad a shaoil ina phobal dúchais – pobal na Gaeltachta i gConamara."[5][6]

Infotaula de personaJoe Steve Ó Neachtain
Beathaisnéis
Breith1942
An Chré Dhubh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Eanáir 2020
77/78 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Réimse oibreBelles-lettres agus drámaíocht
Gairmdrámadóir, aisteoir teilifíse, aisteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm0959949 Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás na Gaeltachta

Saol cuir in eagar

Rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa Spidéal.[7] D'fhág Joe Steve an scoil in aois a 14 bliain d'aois. Bhí sé ag obair le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hÚdarás na Gaeltachta. Bhí sé lárnach i bhfeachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta sna 1960idí, agus a chuir dlús le bunú Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus níos déanaí TG4.

Bronnadh mórchuid duaiseanna ealaíona ar Joe Steve feadh na mblianta, ina measc, Gradam an Oireachtais, gradam Jacobs, Gradam an Uachtaráin as Ardchaighdeán Liteartha, Duais Stuart Parker agus Gradam Raidió na Gaeltachta 2016. Roghnaíodh é mar bhall de Aosdána i 2014.

Ba aisteoir chumasach é.[8][9] Bhí Joe Steve le feiceáil ón mbliain 1996 i leith sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4. Bhí aithne air as páirt Pheadair a ghlacadh.

Bhuail an ailse é sa bhliain 2018.[10] Fuair Joe Steve bás in Ospís na Gaillimhe, in aois 77 bliain dó, agus tá sé curtha i Reilig an Chnoic, An Spidéal.

 
Raidió na Gaeltachta  
 
An Spidéal

Saothar cuir in eagar

B’é Fead Ghlaice (1986), leabhar agallamh beirte agus bailéad, a chéad shaothar foilsithe.

Scríobh Joe Steve sraithdhráma Raidió na Gaeltachta "Baile an Droichid" idir 1986 agus 1996. Ghnóthaigh sé Gradam Raidió Jacobs sa bhliain 1992 dá bharr

Tháinig an bailiúchán gearrscéalta Clochmhóin amach sa bhliain 1998, a bhuaigh Duais Sheán Uí Éigeartaigh agus Gradam Chló Iar Chonnacht

Ina dhiaidh sin, tháinig dhá mhórúrscéal lónléitheoireachta uaidh, mar atá, Scread Mhaidne agus Lámh Láidir.

D’fhoilsigh Joe Stever cnuasaigh filíochta, De Dhroim Leice (1990), An Dé Deireadh (2008), agus Fad Saoil (2015).

Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir (2018) is teideal don leabhar deiridh ó pheann an scríbhneora a raibh idir ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige.[11]

Bhí geamaireachtaí, scoraíochtaí, scéalta do pháistí, léirmheasanna liteartha, agus léachtaí ar chúrsaí liteartha scríofa ag Joe Steve freisin.

Liosta cuir in eagar

  • Fead Ghlaice (1986), leabhar agallamh beirte agus bailéad
  • De Dhroim Leice (1990), filíocht
  • Clochmhóin (1998), gearrscéalta, a bhuaigh Duais Sheán Uí Éigeartaigh agus Gradam Chló Iar Chonnacht
  • Scread Mhaidine (2003), úrscéal
  • Lámh Láidir (2005), úrscéal, a bhuaigh Duais Comhairle Ealaíon an Connaught Tribune agus Gradam Chló Iar Chonnacht
  • In Ainm an Athar & Níor Mhaith Linn do Thrioblóid (2006), drámaí
  • An Dé Deireadh (2008), filíocht
  • Faoi Dheireadh Thiar (2008), dráma
  • Salann Garbh (2009), gearrscéalta
  • Ag Caint Linn Fhéin (2013), cnuasach aistí
  • Idir Neamh is Talamh (2014), gearrscéalta
  • Fad Saoil (2015), filíocht
  • Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir (2018), cnuasach aistí

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Death Notice of Joe Steve Ó Neachtain" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2020-01-20.
  2. Nuacht RTE (2020-01-19). "An scríbhneoir agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain tar éis bháis" (as ga). 
  3. Raidió na Gaeltachta (2020-01-21). "Oidhreacht agus uaisleacht: Joe Steve Ó Neachtain" (as ga-IE). 
  4. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  5. "‘Beidh mé buíoch i gcónaí dó’ – a ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Joe Steve Ó Neachtain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-01-20.
  6. Molscéal agus TG4 (2002). "Físeán ó chartlann TG4 ó 2002 nuair a bronnadh Gradam litríochta Cló Iar-Chonnacht air". Dáta rochtana: 2021.
  7. "Joe Steve Ó Neachtain" (en). Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2020-01-20.
  8. TG4 ar Youtube (2016). "Léargas an t-súil eile | Joe Steve Ó Neachtain". Dáta rochtana: 2021.
  9. TG4 ar Youtube. "Slán le Peadar ar Ros na Rún". Dáta rochtana: 2021.
  10. "‘Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana, le cúnamh Dé’ – labhraíonn Joe Steve Ó Neachtain faoin ailse agus a leabhar nua le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. “Theastódh ó chuile dhuine a dhul isteach sa gcaoi go n-osclódh sé a súile ceart, an méid atá buailte ag an ngalar bréan sin. Agus ansin tháinig na hobráidí ina dhiaidh agus dháiríre ní raibh mé in ann corraí leath na bliana. Tá mé alraight. Tá sé curtha fúm agam arís. Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana le cúnamh Dé.”. Dáta rochtana: 2020-01-20.
  11. "‘Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana, le cúnamh Dé’ – labhraíonn Joe Steve Ó Neachtain faoin ailse agus a leabhar nua le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-01-20.