John McCormack

teanór Éireannach
Baineann an alt seo leis an tenor Gaelach. Le eolas faoin bpolaiteoir ó SAM, féach John William McCormack.

Teanór Éireannach de chlú domhanda ba ea John McCormack (14 Meitheamh, 1884 - 16 Meán Fómhair, 1945),

John McCormack
John McCormack, 1884-1945 LCCN2003677331.jpg
Saol
Ainm iomlán John Francis McCormack
Eolas breithe Baile Átha Luain, Meitheamh 14, 1884
Náisiúntacht Éire
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bás Baile Átha Cliath, Meán Fómhair 16, 1945
Áit adhlactha Reilig Ghráinseach an Déin
Cúis bháis  (galar)
Muintir
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Coláiste Chnoc an tSamhraidh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm amhránaí ceoldrámaíochta agus amhránaí
Duais
Cineál gutha teanóir
Uirlis cheoil ceol gutha
IMDb nm0566451
mccormacksociety.co.uk

Chuaigh a chuid amhránaíochta i gcion go mór ar an bpobal. Bhí cáil air mar gheall a ghuth láidir binn, a chuid foclaíochta agus an smacht a bhí aige ar a anáil.

SaolCuir in Eagar

Rugadh John Francis McCormack in Áth Luain. Thosaigh sé ag canadh go gairmiúil i 1904. Rinne sé méid mór taifeadadh ó 1904 ar aghaidh. Ba mhó an díol a bhí ar an sraith a rinne sé a thaifeadadh le Victor Talking Machine Company sna 1910idí agus na 1920í ná aon chinn eile. Cuireadh ar an raidió go rialta, freisin, é, agus bhí sé i roinnt scannán.

I 1917 thóg sé saoránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá.

 
14 Feabhra 1921 Duluth Herald

I 1928 bhronn an Pápa Píó XI an teideal "Cúnta" air mar aitheantas ar an méid oibre ar rinne sé do ghrúpaí carthanacha Caitliceacha. Ach mar shaoránach Meiriceánach, níor ceadaíodh dó aon teideal a ghlacadh ó rialtais nó ó eagair eachtracha.


D´éirigh McCormack as an dtaifeadadh i 1944, agus cailleadh an bhliain dár gcionn i mBaile Átha Cliath é.

Naisc seachtachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar