John Selden (ileolaí, 1584–1654)
Ileolaí, fear léinn agus dlí-eolaí de chuid Shasana ab ea John Selden ( 16 Nollaig 1584– 30 Samhain 1654).
John Selden | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||
Dúiche: Ollscoil Oxford
Dúiche: Ludgershall
Dúiche: Great Bedwyn, Ilchester
| |||||||||||||
Saol | |||||||||||||
Eolas breithe | Sussex, 16 Nollaig 1584 | ||||||||||||
Náisiúntacht | Sasana Ríocht Shasana An Ríocht Aontaithe | ||||||||||||
Bás | Londain, 30 Samhain 1654 | ||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||
Alma mater | The Prebendal School (en) ![]() Hart Hall (en) ![]() | ||||||||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||||||||
Gairm | |||||||||||||
Gairm | polaiteoir, scríbhneoir agus saineolaí dlí | ||||||||||||
Ballraíocht | 4th Parliament of King James I (en) ![]() 2nd Parliament of King Charles I (en) ![]() Inner Temple |
SaolCuir in Eagar
Rugadh Selden i Salvington, Sussex. Tar éis dó Ollscoil Áth na nDamh a fhágáil gan chéim, glaodh chun an Bharra as Cumann Onórach An Teampaill Laistigh air, sa bhliain 1612. Cé nach dtagadh sé i láthair na cúirte ach go hannamh, d'fhorbair Selden cleachtadh dlí mar thíolacóir agus comhairleoir dlí, agus d'éirigh go maith leis.[1]
Is fearr aithne ar Selden mar pholaiteoir agus scoláire dlí. Cuireadh i bpríosún é mar dhuine a bhí taobh thiar d'Agóideacht 1621 (díreach mar a bhí sé maidir leis an Achainí um Chearta ina dhiaidh sin).
Bhí Selden ina Fheisire roinnt uaire sna blianta dár gcionn (1624-25, 1626, 1628-40 mar bhall den Pharlaimint Fhada a toghadh sa bhliain 1640).
Cé gur éirigh cúrsaí ní b'fhearr idir Selden agus Séarlas I i lár na 1630í, thaobhaigh sé leis an bParlaimint i rith an Chogaidh Chathartha, toisc gur cheap sé go raibh siad ní ba dhílse do bhunreacht ársa na tíre.[1]
Fear léinnCuir in Eagar
Mar fhear léinn, is fearr aithne ar Selden mar gheall ar an méid a rinne sé maidir le staidéar stair Shasana (go háirithe stair an bhunreachta,) dlí agus creideamh na nGiúdach agus an dlí idirnáisiúnta (thug a leabhar 'Mare Clausam' freagra ar an leabhar 'Mare Liberum' le Hugo Grotius).[1]
The Selden SocietyCuir in Eagar
D'ainmníodh The Selden Society as, ag am a bhunaithe sa bhliain 1887; is cumann léinn agus foilsitheoir é, a dhíríonn ar stair dlí Shasana.
D'fhoilsigh The Selden Society imleabhar amháin a bhaineann le dlí na hÉireann. Chuir an Dochtúir Andrew Lyall in eagar é (Irish Exchequer Reports 1716 - 1734, Selden Society vol. 125, 2008).[1]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "John Selden". Dáta rochtana: 2021.