John Tyndall

Fisiceoir Éireannach

Fisicí a saolaíodh i Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, ab ea John Tyndall (2 Lúnasa 1820 - 4 Nollaig 1893). Ball den tSeirbhís Ordanáis in Éirinn (1839) agus Sasana (1842), ina innealtóir iarnróid (1844-1847). Ceapadh ina Chomhalta den Chumann Ríoga é i 1852, ina ollamh san Institiúid Ríoga i 1853. Ba chomhghleacaí ansin le Michael Faraday é, agus tháinig sé i gcomharbacht air mar stiúrthóir (1867). Rinne sé taighde suntasach ar an iliomad ábhar tábhachtach, ina measc iompar criostal i réimse maighnéadach is faoi bhrú, radaíocht teasa, teocht is radaíocht na gréine, na himoibrithe idir solas na gréine agus na gáis san atmaisféar, agus scaipeadh solais le páirteagail san atmaisféar. Mhínigh sé cén fáth go bhfuil an spéir gorm, agus an iarmhairt cheaptha teasa (iarmhairt an teach gloine) san atmaisféar de thoradh an dé-ocsaíd charbóin ann. Thaispeáin sé go bhfuil páirteagail deannaigh is páirteagail bheo san aer, agus thug isteach iarmhairt Tyndall is scaipeadh Tyndall. Chabhraigh sé le bunú an iris cháiliúil eolaíochta Nature (An Dúlra) i 1869. Ceannródaí sa scríbhneoireacht eolaíochta do ghnáthdaoine. Scríobh sé beathaisnéis Faraday, Faraday as a Discoverer (Faraday mar Fhionnachtaí, 1868), Glaciers of the Alps (Oighearshruthanna na nAlp, 1860) agus Fragments of Science for Unscientific People (Blúirí Eolaíochta do Dhaoine gan Eolaíocht, 1871).[1]

Infotaula de personaJohn Tyndall

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Lúnasa 1820
Contae Cheatharlach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Nollaig 1893
73 bliana d'aois
Haslemere, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháis
Áit adhlacthaSt. Bartholomew's Churchyard (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Marburg Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaMichael Faraday agus Friedrich Ludwig Stegmann
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic, an fhisic thurgnamhach, thermal radiation (en) Aistrigh, light scattering (en) Aistrigh agus Oigheareolaíocht
Gairmfisiceoir, fealsamh, scríbhneoir, cumadóir, glaciologist (en) Aistrigh, sléibhteoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Institiúid Ríoga Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
SpórtSléibhteoireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileLouisa Charlotte Tyndall (1876–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Tyndall
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 117036980 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "John Tyndall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 684.