Osclóidh seo an príomhroghchlár


Is imreoir sacair Éireannach Tuaisceartach é Jonathan Grant "Jonny" Evans. Rugadh i mBéal Feirste é ar 2 Eanáir 1988. Cosantóir atá ann a imríonn le West Bromwich Albion agus le Foireann Sacair Náisiúnta Thuaisceart Éireann.

Jonny Evans
Jonny Evans.JPG
Eolas pearsanta
Dáta breithe 3 Eanáir, 1988
Áit breithe Béal Feirste, Tuaisceart na hÉireann
Club reatha
Club Leicester City
Suíomh 6
Foirne mar imreoir
2006-2015
2006
2006-2007
2008
2015-2018
2018-inniú
2006-inniú
Manchester United
→ Royal Antwerp (ar iasacht)
Sunderland (ar iasacht)
→ Sunderland (ar iasacht)
West Bromwich Albion
Leicester City
Tuaisceart na hÉireann


Thosaigh sé amach ag imirt d'fhoireann sacair áitiúil, Greenisland FC, in Inis Glas (ar imeall thuaisceart Bhéal Feirste). Le linn dó a bheith ag imirt ann b'fhacthas a ardscileanna do scabhta de chuid Mhanchain Aontaithe. D'éirigh go geal leis, lean sé ar aghaidh go gasta tríd Acadamh sacair na foirne go dtí gor túgadh deis dó a dhul ar roinnt camchuairteanna ar an choigríoch i samhradh na bliana 2006. Uaidh sin d'imigh sé leis ní b'fhaide anonn go hAntuairp Ríoga na Beilge, agus chaith sé dhá sheal i gcuideachta foireann Sunderland fosta. Le linn Chorn na Sraithe 2007-2008 a thosaigh sé ag imirt sacair do Mhanchain Aontaithe don chéad uair, agus an bhliain dar gcionn rinneadh imreoir na chéad foirne de. Bíodh is go bhfuil sé sách óg go fóill, glactar le hEvans cheanna féin mar an dara imreoir is suaitheanta i stair shacair Thuaisceart Éireann.