Judith Kaye

breitheamh Meiriceánach

Breitheamh Meiriceánach ab ea Judith Ann Kaye (Smith roimh phósadh di; 4 Lúnasa 1938 i Monticello, NY– 7 Eanáir 2016) agus duine de na breithiúna is mó le rá i Stát Nua-Eabhrac agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fad.[1]

Judith Kaye
Judith S.Kaye.jpg
Príomh-Bhreitheamh Chúirt Achomhairc Nua Eabhrac

Saol
Eolas breitheMonticello, 4 Lúnasa 1938
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
BásManhattan, 7 Eanáir 2016
Áit adhlacthaBeth Olam Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse scamhóg)
Oideachas
Alma materColáiste Barnard
New York University School of Law (en) Aistrigh
Monticello High School (en) Aistrigh
Gairm
Gairmdlíodóir agus breitheamh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Cúirt Achomharc Stát Nua-Eabhrac

SaolCuir in Eagar

 
an Chúirt Uachtarach, Nua-Eabhrac

Bhí Kaye ina mac léinn oíche i Scoil Dlí Ollscoil Nua-Eabhrac. Bronnadh céim uirthi sa bhliain 1962, tráth nach raibh ach scata beag ban ag an mbarra.

Bhí sí ag dlíodóireacht i Nua-Eabhrac ó 1962 go 1983. Ghnóthaigh sí cáil mar dhlítheoir tráchtála oilte.

Sa bhliain 1983 ceapadh ina breitheamh de Chúirt Achomharc Stát Nua-Eabhrac í, an chéad bhean le bheith ina ball den chúirt sin. Bhí sí ina Príomh-Bhreitheamh ar Stát Nua-Eabhrac ó 1993 go dtí gur éirigh sí as i 2008.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

Chuir An Cumann Stairiúil de chuid Chúirteanna Nua-Eabhrac an gearrchuntas beathaisnéise seo amach sa bhliain 2007.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Judith Kaye" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-08.