Julian Assange
Iriseoir agus gníomhaí Idirlín is ea Julian Paul Assange (a rugadh ar an 3 Iúil, 1971). Tá aithne níos fearr air mar urlabhraí agus príomheagarthóir WikiLeaks, láithreán gréasáin sceithireachta.[1]
Saol cuir in eagar
Sna 1990idí, bhí sé ina mhac léinn fisice agus matamaitice agus ina ríomhchláraitheoir chomh maith.
Sna 2000idí, bhí sé ina chónaí i dtíortha éagsúla agus dúirt sé féin ag an am nach bhfanann sé rófhada in aon áit amháin ach ar feadh seal.
Bhí sé le feiceáil go poiblí go neamhrialta agus é ag labhairt faoi chinsireacht, saoirse an phreasa agus iriseoireacht iniúchacht; bhuaigh sé freisin trí dhuais iriseoireachta as a chuid oibre le WikiLeaks; an Economist Index on Censorship Award (2008), an Amnesty International UK Media Award (2009) agus an Sam Adams Award (2010).
WikiLeaks cuir in eagar
Bhunaigh Assange an láithreán gréasáin conspóideach WikiLeaks sa bhliain 2006.
D'fhoilsigh Wikileaks ábhair a rinne cur síos ar, mar shampla:
- dúnmharuithe seachbhreithiúnacha sa Chéinia,
- dumpáil dramhaíola tocsaineacha ar chósta na hAfraice,
- lámhleabhair Eaglais na hEolaíochta,
- nósanna imeachta san ionad coinneála Camp X-Ray (Guantánamo),
- ábhair a bhain le bainc mhóra ar nós Kaupthing agus Julius Baer,
i measc doiciméad eile.
Triail cuir in eagar
Sa bhliain 2022, bhí eiseachadadh Assange chun na Stát Aontaithe chun gur féidir é a chur ar a thriail maidir le cúiseanna coiriúla, ceadaithe ag Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe, Priti Patel.[2]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-06-17). "Eiseachadadh Julian Assange chun na Stát Aontaithe ceadaithe" (as ga).