Karl Siegbahn
fisiceoir Sualannach
Fisicí a rugadh in Örebro na Sualainne ab ea Karl Manne Georg Siegbahn (3 Nollaig 1886 – 26 Meán Fómhair 1978). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar chruthú X-ghathanna le tonnfhaid éagsúla. D'éirigh leis fianaise ar sceallsamhail Neils Bohr don adamh a aimsiú, agus d'fhorbair sé an speictreascópacht X-ghathach. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1924 as an saothar seo. Athair Kai Siegbahn é, a fuair Duais Nobel freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |