Kathleen Antonelli

ríomhchláraitheoir Éireannach

Ba ríomhchláraitheoir í Kathleen "Kay" McNulty Mauchly Antonelli (12 Feabhra 1921 – 20 Aibreáin 2006) a bhí mar dhuine de na 6 ríomhchláraitheoir a d'oibrigh ar an ríomhaire ENIAC - an chéad ríomhaire digiteach ilchuspóireach pearsanta.

Infotaula de personaKathleen Antonelli

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Kathleen Rita McNulty
12 Feabhra 1921
An Craoslach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 2006
85 bliana d'aois
Wyndmoor, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaPhiladelphia Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síChestnut Hill College (en) Aistrigh (1938–1942)
J. W. Hallahan Catholic Girls High School (en) Aistrigh (1934–1938)
church school (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic agus ríomheolaíocht
Gairmríomhchláraitheoir, matamaiticeoir, eolaí ríomhaireachta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirEckert–Mauchly Computer Corporation (en) Aistrigh (1948–1950)
Aberdeen Proving Ground (1947–1948)
Moore School of Electrical Engineering (en) Aistrigh (1942–1947) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileJohn Mauchly (1948–1980)
Severo Antonelli (1985–1996) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJames McNulty
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 136819670 Cuir in eagar ar Wikidata

Laethanta a hÓige agus Oideachas cuir in eagar

Rugadh Kathleen McNulty (Gaeilge: Caitlín Nic an Ultaigh) i bhFaiche Mhór ar an Chraoslach, i nGaeltacht Dún na nGall i 1921 le linn Chogadh na Saoirse. Ar oíche a breithe, gabhadh a hathair, a bhí mar bhall Óglaigh na hÉireann, agus cuirtear i bPríosún Doire é ar feadh 2 bhliain. Nuair a scaoileadh é i mí Deireadh Fómhair 1924, chuaigh Kathleen agus a teaghlach ar imirce go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bhog siad go dtí Chestnut Hill i bhFilideilfia, Pennsylvania.[1] Ag an am sin, ní raibh ach Gaeilge aici. Ní raibh focal Béarla aici go dtí gur thosaigh sí ag freastal ar Hallahan Catholic High School i bhFilideilfia.[1]

I ndiaidh ardscoile, d'fhreastail sí ar Chestnut Hill College, le matamaitic mar phríomhabhar aici. Ghlac sí le gach modúl matamaitice a bhí ar fáil, triantánacht sféarúil, calcalas difreálach, geoiméadracht theilgeach agus staitistic ina measc. Bhain sí a céim amach i mí Meitheamh 1942, bliain nach bhain ach cúpla bean eile céim mhatamaitice amach sa choláiste sin.[2]

A Gairm mar Ríomhcláraitheoir cuir in eagar

Seachtain nó dhó i ndiaidh a céim a bhaint amach, thug sí fógra státseirbhíse na Stát Aontaithe faoi deara in The Phildelphia Inquirer. Bhí siad ar tóir mná le céim matamaitice.[3] Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí Arm na SA ag fostú mná chun ruthaig philéir agus ruthaig dhiúracáin a ríomh ag Ballistic Research Laboratory. Ghlaoigh sí ar a chomhchéimí Frances Bilas agus seachtain ina dhiaidh sin, bhí an bheirt acu fostaithe mar 'ríomhairí' daonna. Thosaigh siad ag obair ag The Moore School of Engineering.[4]

Leagáid cuir in eagar

I 2007, d'fhógair Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go raibh siad chun 'An Foirgneamh McNulty' a chuir ar an bhfoirgneamh ríomhaireachta in ómós Kathleen McNulty.[5]

I gContae Dún na nGall, bhunaigh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn duais bhliantúil don mhac/iníon léinn ríomhaireachta is fearr, darb ainm 'The Kay McNulty medal and prize.'[6]

 
Kay McNulty, Alyse Snyder, agus Sis Stump

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Donegaldiaspora.ie. (2018). Kathleen Antonelli | Donegal Diaspora. [ar líne] Ar fáil ag: http://www.donegaldiaspora.ie/people/kathleen-antonelli [Rinneadh rochtain ar 28 Már. 2018]. (Béarla)
  2. Schnell, B. and Martin, C. (2006). Webster's New World Hacker Dictionary. Hoboken: John Wiley & Sons.
  3. Fritz, W.B., 1996. The women of ENIAC. IEEE Annals of the History of Computing, 18(3), pp.13-28.
  4. Heyman, K.L 1997-03-17, 'Women's contribution to Eniac remembered. (Industry Trend or Event)' Electronic Engineering Times, no. n945, pp. p89(3).
  5. RTÉ (2018). DCU names three buildings after women scientists. [ar líne] RTE.ie. Ar fáil ag: https://www.rte.ie/news/2017/0705/888002-dcu-women/ [Rinneadh rochtain air 3 Apr. 2018]. (Béarla)
  6. Silicon Republic. (2018). Ireland's Greatest Woman Inventor finalist - Kay McNulty Mauchly Antonelli, first woman computer programmer - Innovation | siliconrepublic.com - Ireland's Technology News Service. [ar líne] Ar fáil ag: https://www.siliconrepublic.com/innovation/irelands-greatest-woman-inventor-finalist-kay-mcnulty-mauchly-antonelli-first-woman-computer-programmer [Rinneadh rochtain air 3 Apr. 2018].