Kevin Barry
Ábhar dochtúra as Éirinn ba ea Kevin Gerard Barry (Gaeilge: Caoimhín de Barra; 20 Eanáir 1902 - 1 Samhain 1920) arbh é an chéad duine a chuir fórsaí na Breataine chun báis tar éis cheannairí Éirí Amach na Cásca,[1][2] mar gheall ar an ról a bhí aige in ionsaí ar an 20 Meán Fómhair 1920 inar maraíodh triúr saighdiúirí Briotanacha.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Eanáir 1902 Baile Átha Cliath |
Bás | 1 Samhain 1920 18 bliana d'aois Príosún Mhuinseo |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon (2001–) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Áit chónaithe | Contae Bhaile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | medical student (en) , imreoir rugbaí |
Ball de | |
Spórt | rugbaí |
Luathshaol cuir in eagar
Chuaigh sé ar scoil i scoil Naomh Muire, Rath Maonais agus ansin Coláiste Belvedere i mBÁC, agus fear rugbaí lena chois a bhí ann. D'éirigh leis scoláireacht ollscoile a bhaint amach. Bhí sé ag gabháil don leigheas i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1920, a bhí lonnaithe ar Ardán Phort an Iarla an tráth úd.
Bású cuir in eagar
Daoradh chun báis Barry de bharr go raibh lámh aige in inlíocht de chuid Óglaigh na hÉireann a raibh triúr de shaighdiúirí na Breataine Móire maraithe ann (ionsaí ar an 20 Meán Fómhair 1920).[4]
Tar éis dó foghlaim faoin bpianbhreith báis i bPríosún Mhuinseo, scríobh sé litir chuig cara leis; chuir sé in iúl a “sad grá from me to all the girls in UCD”[5].
Oidhreacht cuir in eagar
Tháinig a bhás seachtain i ndiaidh bhás Thraolaigh Mhic Shuibhne (a bhí ar stailc ocrais). Mar sin, tharraing an dá bhás aird ar chúis na bPoblachtánach.
Cumadh amhrán dar teideal Kevin Barry a ríomhann eachtraí an fhir óig.
Ainmníodh Cumann Fhianna Fáil i UCD as (KBC nó Kevin Barry Cumann a thugtar air).
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Séan McConville (2005). Irish Political Prisoners, 1848 – 1922: Theatres of War. London: Routledge. ISBN 0-415-37866-4.
- ↑ Pádaí de Bléine (2020-10-28). "Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse" (ga). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-03-14.
- ↑ admin (2012-06-11). "Kevin Barry" (en-US). The Irish War. Dáta rochtana: 2020-11-01.
- ↑ Liz Curtis (1995). The Cause of Ireland: From the United Irishmen to Partition. Belfast: Beyond the Pale Publications. ISBN 0-9514229-6-0.
- ↑ COBÁC (2016). "Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2020.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |