Kim Il-sung
Ardcheannaire Dhaonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó An Chóiré Thuaidh, ab ea Kim Il-sung a rugadh faoin ainm Kim Sŏng-ju (15 Aibreán 1912 – 8 Iúil 1994). Ceannaire ar an tír úd a bhí ann ar feadh 46 bliana, ó bhunú an stáit go dtí lá a bháis. D'éirigh leis stát neamhspleách a bhunú sa Chóiré, rud nach raibh ann leis na céadta bliain roimhe sin.[1]
Tús a shaoil
cuir in eagarNuair a bhí Kim Il-sung ocht mbliana d'aois, theith a mhuintir an Chóiré sa bhliain 1920 agus tháinig siad go dtí an Mhanchúir,
Bhunaigh Kim cumann beag réabhlóideach i 1926, "An Cumann in aghaidh Impiriúlachais". Cheap sé idé-eolaíocht nua a tugadh Juche air, meascán de thírghrá agus féin-tuilleamaí.
D'éirigh Kim ina bhall den Pháirtí Cumannach Sínise i 1931. Throid sé in aghaidh na Seapánaigh ó 1937 go dtí 1940, é ina cheannasaí airm.
Theith Kim agus a chuid saighdiúirí lena n-anam i 1940. Shroich siad Vyatskoye in aice le Khabarovsk san APSS. Bhí Kim ina chaptaen, agus maorghinearál níos déanaí, le reisimint de chuid an Airm Dheirg.
Shroich an tArm Dearg Pyongyang ar 24 Lúnasa 1945. D'fhill Kim go dtí an Chóiré ar an 19 Meán Fómhair 1945. Bhí sé ar deoraíocht ar feadh 26 bliain. Ceapadh Kim ina cheannaire, i stát a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na Rúisigh.
Bhí nasc láidir mar sin idir Kim agus an Aontas Sóivéadach faoi Joseph Stalin. De réir a chéile áfach sháraigh Juche an Marxachas-Leiníneachas agus an cumannachas.
Cogadh
cuir in eagarD'ordaigh Kim ionradh na Cóiré Theas sa bhliain 1950, rud a tharraing fórsaí na Náisiúin Aontaithe (na Stáit Aontaithe go háirithe) isteach chun an Chóiré Theas a chosaint. Cogadh fíochmhar a tharla sa leithinis idir 1950-1953.
Scríobh Nikita Krushchev, iarcheannaire APSS, an méid seo faoi Chogadh na Cóiré sa bhliain 1971:
"Ba é Kim Il Sung féin a cheap an cogadh sa Chóiré. Bhí sé ag iarraidh an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas a aontú faoina smacht féin. Chuir Stalin ina luí air gur chóir dó dianmhachnamh a dhéanamh sula ndéanfadh sé ionsaí ar an Chóiré Theas. D’inis Kim Il Sung do Stalin go raibh sé iomlán cinnte go n-éireodh leis. Is cuimhin liom go raibh amhras ar Stalin. Bhí sé buartha go gcuirfeadh SAM a ladar isteach sa scéal. Ghéill sé do Kim, áfach, agus bhí sé sásta soláthairtí agus comhairleoirí míleata a chur go dtí an Chóiré Thuaidh"[2].
Mhair an chogaíocht go dtí an sos comhraic a cuireadh i bhfeidhm ar 27 Iúil 1953. Líon iomlán na marbh: 2.5[3] - 5 milliún[4] (bhí daonra 30 milliún, Theas agus Thuaidh, i 1950),
Pearsanta
cuir in eagarBhí Kim Il Sung thar a bheith oilte san ealaín Taekwondo, fearacht a chomharba agus a mhac Kim Jong Il.
Cultas
cuir in eagarChruthaigh Kim Il-sung cultas pearsantachta agus maireann an cultas sin go dtí an lá inniu, ní hamháin dó féin ach dona mhac, Kim Jong-il, agus a dá gharmhac, Kim Jong-un.
D'fhan an tír i maos i mbochtaineacht faoi Kim agus ba mhinic a bhí gorta ann, d'ainneoin chuidiú na Sóivéadach.
Nuair a tháinig deireadh leis an gcóras cumannach san Aontas Sóivéadach agus bhris an stát sin suas, tháinig deireadh leis an gcuidiú Sóivéadach. Dá bharr sin, d'éirigh staid na Cóiré Thuaidh níos measa sna blianta deireanacha de réimeas Kim.
Teaghlach mór le rá
cuir in eagarIs teaghlach mór le rá sa pholaitíocht é muintir Kim anois.
Tháinig Kim Jong-il i gcomharbacht ar a athair i 1994. Bhí Kim Jong-il ag an am ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Oibrithe na Cóiré, Cathaoirleach ar Choimisiún Cosanta Náisiúnta na Cóiré Thuaidh, agus Ardcheannasaí ar Arm an Phobail.
Ardcheannaire Dhaon-phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó an Chóiré Thuaidh, agus cathaoirleach Pháirtí Oibrithe na Cóiré is ea Kim Jong-un a rugadh sa bhliain 1984 (nó 1982 nó 1983, níl muid ró-chinnte faoi).
Rinne a mhac agus a garmhac dia beag de Kim Il-sung.
Féach freisin
cuir in eagar- Mac Kim Il-sung, Kim Jong-il (1942? - 2011)
- Garmhac Kim Il-sung, Kim Jong-un (1984? -)
- Cogadh na Cóiré
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Eoin Ó Murchú (8 Meán Fómhair 2017). "An féidir cogadh a sheachaint ar leithinis na Cóiré?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-15.
- ↑ Foinse: Nikita Khrushchev: Khrushchev Remembers, An Autobiography 1971
- ↑ CNN facts
- ↑ History.com