Ceiliúrtar Lá Domhanda na nAigéan[1] ar an 8 Meitheamh gach bliain ó bhí 1992 ann. Cuireann an Lá i gcuimhne dúinn cé chomh tábhachtach agus atá na haigéin agus na farraigí maidir le beatha an domhain agus gur cheart dúinn iad a chosaint don todhchaí.[2] Mar sin, cuireann an Lá teachtaireacht thábhachtach in iúl faoi luach ár n-aigéan.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda na nAigéan
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2008 - 
8 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinworldoceansday.org Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#WorldOceansDay Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: worldoceanday Twitter: WorldOceansDay Instagram: worldoceanday Cuir in eagar ar Wikidata


Lá Domhanda na nAigéan

Gach bliain bíonn imeachtaí ar siúl ar fud an domhain chun béim a chur ar cé chomh tábhachtach agus atá na haigéin.[4] Nascann an lá domhanda seo daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh an aigéin, a tábhacht inár saolta agus an caoi inar féidir le ceachtar againn í a chosaint, pé áit a bhfuil cónaí orainn.[5] Ní hamháin gur foinse bia agus iompair iad ár n-aigéin, tacaíonn siad le héiceachórais éagsúla agus cuireann siad deiseanna ar fáil don turasóireacht agus fóillíocht."

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Comhshaol faoi bhrú cuir in eagar

Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint timpeall an domhain. Tá fianaise ann anois, gan ardú teochta domhanda níos mó, go n-ardóidh leibhéal na mara 0.27m, mar tá an oiread "leac oighir zombaí" i Muir na Graonlainne agus ar chósta thiar na Graonlainne i láthair na huaire.[6]

Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta ollmhór ann (níos mó ná 2°C), leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.[7] Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall cúpla méadar dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn.

Le linn 2023, is cosúil go raibh 5 thrilliún píosa plaisteach sna haigéin.[4]

An Lá in Éirinn cuir in eagar

 

In Éirinn, tá Aigéan an Atlantaigh fíorthábhachtach. Is í an acmhainn nádúrtha is mó atá ann agus bainimid a lán tairbhe aisti – ár slite beatha, bia, saibhreas, áilleacht, samhlaíocht, inspioráid, amhránaíocht, filíocht, sláinte agus folláine agus go leor leor eile. Ach mar an gcéanna le háiteanna eile, tá an acmhainn faoi bhagairt.

Imeachtaí cuir in eagar

  • Go Atlantic Blue'. Bhí breis is 50 séadchomharthaí tíre agus foirgnimh ar fud oileán na hÉireann ag lasadh suas i ngorm mar chuid den tionscnamh ‘Go Atlantic Blue’ chun an nasc leis an Aigéan Atlantach a cheiliúradh agus chun comóradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na nAigéan. Bhí an aidhm ann chun daoine a chur ar an eolas faoin ról lárnach a imríonn an tAigéan Atlantach i saolta mhuintir na hÉireann, is cuma cé chomh gar nó fada a mhaireann siad ó imeallbhord an Atlantaigh.
  • Féile na Mara. Reáchtáladh Féile na Mara 2018 i gcuan na Gaillimhe.
  • Cóstaí Glana. Tá Cóstaí Glana ag iarraidh ar an bpobal teacht le chéile cois farraige nó abhann ar 8 Meitheamh gach bliain agus glantachán a dhéanamh le chéile.[8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Lá Domhanda na nAigéan"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  2. cogg.ie (9 Meitheamh 2010). "Eureka-6-28". Dáta rochtana: 2020.
  3. "Bí i lár an aonaigh ag Féile na Mara 2018 | Marine Institute". www.marine.ie. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  4. 4.0 4.1 Eleathanach, 12 Meitheamh 2023
  5. Foras na Mara / marine.ie (2018). "Beidh séadchomharthaí tíre ar fud na hÉireann ag glacadh páirt sa tionscnamh ‘Go Atlantic Blue’ chun ár nAigéan Atlantach a cheiliúradh | Marine Institute". www.marine.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  6. "Melting 'Zombie ice' from Greenland will raise sea level by 10 inches, study says" (en-us). PBS NewsHour (2022-08-29). Dáta rochtana: 2023-06-08.
  7. "An tOileán Úrnua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  8. Máire Ní Fhinneadha (10 Bealtaine 2023). "Fearas glantacháin ar fáil saor in aisce do Lá Breithe Cóstaí Glana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-09.