Is Líonraí Gaeilge (Béarla: Irish Language Networks) iad na limistéir atá aitheanta ag Poblacht na hÉireann mar áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil neart ar leith sa Ghaeilge ann.

Cloigtheach Chluain Dolcáin. Tá Sráidbhaile Chluain Dolcáin aitheanta mar áit ina bhfuil líonra Gaeilge

De réir Acht na Gaeltachta 2012, tá teorainneacha na Gaeltachta le bunú feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí sin. Tá tábhacht ar leith le pleanáil teanga ag leibhéal an phobail dá réir. Tá deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach critéir áirithe a chomhlíonadh atá leagtha síos ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.[1][2]

D'fhógair Foras na Gaeilge i ndeireadh 2015 go bhfuil cúig cheantar aitheanta anois mar áiteannna ina bhfuil lonraí Gaeilge in Éirinn - Sráidbhaile Chluain Dolcáin, Baile Locha Riach, Inis, Carn Tóchair agus Béal Feirste Thiar.[3] Tá súil ag Foras na Gaeilge go n-aithneofar líonraí Gaeilge eile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Acht na Gaeltachta 2012 - An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
  2. Líonraí Gaeilge - Foras na Gaeilge
  3. Cúig cheantar fógartha mar ‘Líonraí Gaeilge’ ag Foras na Gaeilge -Tuairisc.ie