Lóibéilia

géineas plandaí

Géineas an-mhór (415 speiceas) an-ilghnéitheach plandaí blátha is ea na lóibéilianna,[1] ó phlandaí beaga bliantúla go dtí plandaí colúnacha mothallacha ilbhliantúla, a fhásann go dtí na méadair ar airde. Faightear beagnach gach áit iad ach na réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha den Domhan Úr go háirithe. Na duilleoga simplí ailtéarnach. Na bláthanna casta 180°, de ghnáth dearg, gorm nó vialait, siogamorfach le 5 pheiteal cónasctha ag déanamh feadáin chuartha dhéliopaigh. Saothraítear an-chuid díobh mar mhaisiúchán. Bíonn siad i raon leathan gnáthóg, cuid mhaith díobh uisciúil, agus saghsanna fathachúla ar shléibhte ar leith in oirthear na hAfraice. Bíonn alcalóidigh mharfacha i gcuid acu. Tá ceann sa tSile a bhfuil a bholadh nimhiúil.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLóibéilia
Lobelia Cuir in eagar ar Wikidata

Lobelia laxiflora Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deLobelia alkaloid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineCampanulaceae
FofhineLobelioideae
GéineasLobelia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochLobelia cardinalis Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósMatthias de l'Obel Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Lobelia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lóibéilia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 415.