Cumann Galf na mBan is é an LPGA, bunaíodh i 1950 agus is i Daytona Beach, Florida atá ceanncheathrú an chumann. Eagríonn siad an Comortas Turas LPGA, imreoirí den chéad scoth san áireamh.

Stair cuir in eagar

Sa céad daichead blianta, bhí an lámh in uachtar ag galfaire as Meiriceá. Tháinig imreoirí thar barr as an Eoirap agus an Astráil le linn na nóchaidí. Bhí Annika Sörenstam as an tSualainn an t-imreoir is ráthúil san am seo, ba í imreoir na bliana ocht n-uaire idir 1995 agus 2005. Tháinig sé mar comortas níos idirnáisiúnta tar éis an an mhílaois. Bhuaigh an Meicsiceach Lorena Ochoa imreoir na bliana ceithre bliana le chéile ó 2006 go dtí 2009. Bhuaigh galfaire as an Téaváin, an Téalainn, an Chóiré Theas agus Meiriceá an gradam sin ó 2010. Bhí stair déanta i 2017 nuair thug an LPGA an duais do beirt imreoirí, Sung Hyun Park agus So Yeon Ryu as Chóiré Theas.