San mhoirfeolaíocht agus san fhoclóireacht, is éard is leama ann ná an fhoirm chanónta, an fhoirm fhoclóra, nó an fhoirm shleachta de shraith focal (ceannfhocal). I nGaeilge, mar shampla, is foirmeacha den léacsaeim chéanna iad, rite. ritear agus ritheadh, le rith mar an leama. Tagraíonn an léacsaeim, sa chomhthéacs seo, do shraith na bhfoirmeacha uile a bhfuil an bhrí chéanna leo, agus tagraíonn leama d'fhoirm áirithe a roghnaítear de réir coinbhinsiúin chun an éacsaeim a léiriú. Maidir les an fhoclóireacht, is gnách gurb é an t-aonad seo an sliocht athfhriotail nó an ceannfhocal trína ndéantar é a innéacsú. Tá tábhacht ar leith ag leamaí i dteangacha ard-infhillte mar an Araibis, an Tuircis agus an Rúisis.