Planda dreapaire ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip agus iarthar na hÁise. Na gais 3-6 m ar fhad, a chasann deiseal le crúcaí beaga a thugann tacaíocht dóibh. Na bláthanna fireanna (bídeach cúigpheitealach) agus baineanna (ag foirmiú cóin páipéir leis an toradh ann) ar phlandaí difriúla. In úsáid i ngrúdaireacht beorach is leanna ón 13ú céad, ach níor saothraíodh ar mhórscála é go dtí an 16ú céad. Na cinn thorthaithe amháin a úsáidtear chun an bheoir a bhlaiseadh is a chaomhnú.[1]

Leannlus le bláth leannlusa sa Ghearmáin

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leannlus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.