Is éard is lios ann ná lonnaíocht chiorclach dhaingnithe a tógadh den chuid is mó le linn na Cré-Umhaoise suas go dtí timpeall na bliana 1000. Faightear iad i dTuaisceart na hEorpa, go háirithe in Éirinn, i nDeisceart na Breataine Bige, agus i gCorn na Breataine.[1] Tá liosanna de mhéideanna difriúla ann, agus rinneadh iad as clocha nó as cré. De ghnáth, thógadh rampar ciorclach (an ráth — is é an lios an spás sa lár) chomh maith le pailís adhmaid, timpeall lios cré. Go ginearálta, bheadh foirgneamh amháin ar a laghad laistigh den lios.

Lios i gContae Ros Comáin
Grianán Ailigh

De réir an bhéaloidis in Éirinn, tá ceangal idir liosanna agus na daoine maithe — uaireanta tugtar “sidh-lios” orthu,[2] nó “fairy fort” i mBéarla.

In Éirinn

cuir in eagar

Tá níos mó ná 40,000 suíomh in Éirinn atá aitheanta mar liosanna, agus creidtear go raibh ar a laghad 50,000 lios ar an oileán.[3] Tá siad an-choitianta ar fud na tíre, le meándlús thart ar lios amháin laistigh de gach limistéar 2 km2. Is dócha go raibh go leor acu scriosta mar gheall ar an bhfeirmeoireacht agus ar an uirbiú. Mar sin féin, tagtar ar liosanna fiú sa lá atá inniu ann a bhuí le léarscáileanna de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann, aerghrianghrafadóireacht, agus obair seandálaíochta a bhaineann le tógáil bóithre.

 
Lios in Inis Meáin

Liosanna suntasacha in Éirinn

cuir in eagar

Uaireanta tugtar lios ar shuíomhanna ríoga na hÉireann freisin, cé nach raibh ach ról searmanais acu, de réir cosúlachta:

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Flying Past - The Historic Environment of Cornwall: Enclosed Settlements”. www.historic-cornwall.org.uk. Dáta rochtana: 2 Aibreán 2018.
  2. Féach Foclóir an Duinnínigh.
  3. New History, 550