Is amhrán leis an racghrúpa Sasanach Oasis é Live Forever. Scríobh príomhghiotáraí Oasis, Noel Gallagher, an t-amhrán sula raibh sé ina bhall den bhanna. Eisíodh an t-amhrán mar an tríú singil ar a gcéad albam Definitely Maybe ar 8ú Lúnasa 1994, díreach sular eisíodh an t-albam ina iomláine.

Infotaula de cançóLive Forever
Cineálsingil
amhrán
TaibheoirOasis
ObairDefinitely Maybe
Foilsithe8 Lúnasa 1994
Seánrarac-cheol
Lipéad ceoilCreation Records
CumadóirNoel Gallagher
LéiritheoirOwen Morris (en) Aistrigh
Formáiddlúthdhiosca
Definitely Maybe
← «Shakermaker»
«Cigarettes & Alcohol (en) Aistrigh» →
Musicbrainz: 0d1edfcf-8582-321f-a91d-869f5afcec3e Cuir in eagar ar Wikidata

Fuair Gallagher inspioráid ó Shine a Light, amhrán de chuid na Rolling Stones. Tá struchtúr an amhráin an-simplí agus tá na liricí dearfach, i gcodarsnacht le meon na mbannaí grúinse a raibh an-tóir orthu ag an am. Ba é Live Forever an chéad singil de chuid Oasis a shroich an barr-10 amhrán sa Ríocht Aontaithe, agus thug na léirmheastóirí ardmholadh dó. In 2017, dúirt an príomhfhonnadóir Liam Gallagher gurb é an t-amhrán Oasis is fearr leis. Dheimhnigh an BPI (British Phonographic Industry) gur bhain an t-amhrán platanam dúbailte amach i mí Lúnasa 2021.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar