Liz Truss

polaiteoir Briotanach

Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Elizabeth Mary Truss (a rugadh in Oxford ar 26 Iúil 1975), i bhfad amach ar an eite dheis den pháirtí.[1][2]

Liz Truss
Liz Truss Official Photo (cropped).jpg
president of the Oxford University Liberal Democrats (en) Aistrigh


Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 6, 2010 - Márta 30, 2015
Dúiche: Norfolk Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2010
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe

2014 -
Rúnaí Stáit don Chomhshaol, Bia agus Gnóthaí Tuaithe

Iúil 15, 2014 - Iúil 13, 2016
Owen Paterson (en) Aistrigh - Andrea Leadsom
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 7, 2015 - Bealtaine 3, 2017
Dúiche: Norfolk Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015
Rúnaí Stáit an Cheartais,

Iúil 14, 2016 - Meitheamh 11, 2017
Michael Gove - David Lidington
Ard-Seansailéir

Iúil 14, 2016 - Meitheamh 11, 2017
Michael Gove - David Lidington
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 8, 2017 - Samhain 6, 2019
Dúiche: Norfolk Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na Ríocht Aontaithe, 2017
Príomh-Rúnaí an Státchiste

Meitheamh 11, 2017 - Iúil 24, 2019
David Gauke - Rishi Sunak
Rúnaí Stáit um Thrádáil Idirnáisiúnta

Iúil 24, 2019 - Meán Fómhair 15, 2021
Liam Fox
Uachtarán an Bhoird Trádála

Iúil 24, 2019 - Meán Fómhair 15, 2021
Liam Fox
Aire na mBan agus Comhionannas

Meán Fómhair 10, 2019 - Meán Fómhair 6, 2022 - Nadhim Zahawi (en) Aistrigh
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 12, 2019 -
Dúiche: Norfolk Thiar Theas
Toghchán: An chéad olltoghchán eile sa Ríocht Aontaithe
Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha agus Comhlathais

Meán Fómhair 15, 2021 - Meán Fómhair 6, 2022
Dominic Raab - James Cleverly (en) Aistrigh
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh

Meán Fómhair 5, 2022 - Deireadh Fómhair 24, 2022
Boris Johnson - Rishi Sunak
Toghchán: July–September 2022 Conservative Party (UK) leadership election (en) Aistrigh
Aire na Státseirbhíse

Meán Fómhair 6, 2022 - Deireadh Fómhair 25, 2022
Boris Johnson - Rishi Sunak
Céad Tiarna an Státchiste

Meán Fómhair 6, 2022 - Deireadh Fómhair 25, 2022
Boris Johnson - Rishi Sunak
Aire an Aontais

Meán Fómhair 6, 2022 - Deireadh Fómhair 25, 2022
Boris Johnson - Rishi Sunak
78. Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Meán Fómhair 6, 2022 - Deireadh Fómhair 25, 2022
Boris Johnson - Rishi Sunak
Saol
Eolas breitheOxford, 26 Iúil 1975 (47 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Áit chónaitheThetford
Burnaby
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairJohn Kenneth Truss
MáthairPriscilla Mary Grasby
Céile/CéilíHugh O'Leary (en) Aistrigh  (2000 -
Oideachas
Alma materRoundhay School (en) Aistrigh
Coláiste Merton, Oxford : Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht
Teangachaan Béarla
MúinteoiríMarc Stears (en) Aistrigh
Gairm
Gairmpolaiteoir, cuntasóir agus international forum participant (en) Aistrigh
Airde165.7 cm
Áit oibreWestminster
Saothar iomráiteachBritannia Unchained
Daoine le tionchar air/uirthiMargaret Thatcher
BallraíochtJustice Select Committee (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach
An Páirtí Daonlathach Liobrálach
IMDbnm4876461
elizabethtruss.com
Instagramelizabeth.truss.mp
Twittertrussliz

Cé go raibh Truss in aghaidh an Bhreatimeachta sa bhliain 2016, d’athraigh sí a hintinn.[3] Sna 2020idí, bhí sí ar an eite dheis ar fad den pháirtí agus í ag brath ar thacaíocht leithéidí Jacob Rees-Mogg. Agus í ina príomhaire sa bhliain 2022, bhí a rialtas gearrthréimhseach ag tuairteáil ó ghéarchéim go géarchéim.

2013

GairmCuir in Eagar

D'fhreastail Truss ag Ollscoil Oxford agus d'éirigh sí ina cuntasóir cairte (ACMA) sa bhliain 1999. D'fhostaigh Shell í ó 1996 go dtí 2000, agus bhí sí le Cable and Wireless ó 2000 go dtí 2004.

2012Cuir in Eagar

Sa bhliain 2012, d'fhoilsigh Truss (in éineacht le feisirí óga eile, an dream is diongbháilte ar an eite dheas sa Pháirtí Coimeádach) a straitéis don Ríocht Aontaithe sa leabhar "Britannia Unchained: Global Lessons for Growth and Prosperity"[4].

Scríobh sí go raibh an tír bánaithe ag na cánacha agus níor spreag na cánacha obair chrua sa Bhreatain. "Ní mór dúinn leagan as na rialacha agus na dianrialacháin", a dheimhnigh an leabhar. Bhí sé ráite gur eiseamláirí iad an Astráil, Ceanada, Singeapór srl.

2019Cuir in Eagar

Mar Rúnaí Stáit Trádála Idirnáisiúnta na Breataine (idir 2019-2021), dúirt Truss sa bhliain 2019 gur "feirmeoirí a raibh roinnt tornapaí i gcúl a leoraithe acu" an t-aon dream in Éirinn a bhí imníoch faoi Bhreatimeacht gan chomhaontú.[5] Bhí claonadh ag Truss gníomhú go meargánta, mar a tharla anseo.

 
2021

Rúnaí gnóthaí eachtrachaCuir in Eagar

Ceapadh Truss mar rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine ar 15 Meán Fómhair 2021. D'fhan sí bliain amháin, beagnach, sa phost sin.

Rinné sí idirbheartaíocht le Ruanda chun lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt ann.

I mí Eanáir 2022, bhí sé tugtha le fios ag Truss go bhféadfadh sí Airteagal 16 den Phrótacal a chur i ngníomh mura nglacfaidh an tAontas le leasuithe ar an bPrótacal atá á moladh ag an mBreatain.[6][7][8]

Maidir leis an ghéarchéim ag Stormont sa bhliain 2022, dúirt Truss nach mbeidh Feidhmeannas ann go dtí go réiteofar an protocál.[9][10]

AlbainCuir in Eagar

I mí Lúnasa 2022, chuir Truss i leith Nicola Sturgeon gur ag iarradh aird a tharraingt uirthi féin a bhí sí agus reifreann ar neamhspleáchas na hAlban á éileamh aici. Dhearbhaigh sí nach dtabharfadh sí a beannacht do reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.[11]

Prótacal an TuaiscirtCuir in Eagar

Bhrúigh Truss chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt.[3] Nuair a ceapadh Truss ina Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ar dtús síleadh go mbeadh sí sásta iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú faoin bprótacal ach d’éirigh sí níos daingne ina dearcadh de réir a chéile, go háirithe le linn toghchán na ceannaireachta.

Príomh-aireCuir in Eagar

 
Lógó, 2022
 
morgáiste dhá bhliain ar ráta seasta le linn M.F. -D.F. 2022 sa Ríocht Aontaithe, ó 1.3̥% go 6.4 %[12]

I rith an tsamhraidh 2022, bhí an t-iarsheansailéir Rishi Sunak agus Truss san iomaíocht le teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson. Sna pobalbreitheanna, bhí Truss mar rogha na coitiantachta na mball. Fuair Truss 57% dena vótaí (81,326) agus deimhníodh gur b'í a bheidh mar Cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh.[13]

Bhí Truss ar an 15ú Príomh-Aire ar an mBreatain ó corónaíodh Eilís II.[3]

Géarchéim fhioscachCuir in Eagar

Thosaigh géarchéim fhioscach na Ríochta Aontaithe, 2022, ar 23 Meán Fómhair 2022 nuair a d'fhógair Kwasi Kwarteng, Seansailéir Státchiste na Ríochta Aontaithe ag an am, 'mionbhuiséad', go gairid tar éis do Truss a bheith tofa ina Príomh-Aire.

B’éigean cistí pinsin a tharrtháil agus tháinig ardú ar rátaí morgáiste i ndiaidh an bhuiséid inar fógraíodh ciorruithe cánach nach raibh maoiniú socraithe dóibh.[14]

Eirí asCuir in Eagar

Bhí cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta suaite go maith ó d’fhógair Truss a mionbhuiséad.[14] Tháinig an ghéarchéim chun cinn nuair a d'éirigh Suella Braverman as, Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine ag an am. Mhaígh sí "nach féidir linn ligean orainn féin nach ndearnamar botúin agus leanúint orainn ar nós go bhfuil daoine eile dall ar na botúin sin."[15]

Ar an lá céanna, chinn 40 feisire parlaiminte de chuid na dTóraithe gan tacú le Truss maidir le vóta faoin bhfraiceáil.

An lá dár gcionn, ar 20 Deireadh Fómhair 2022, d'éirigh Truss as mar Príomh-Aire i bhfianaise na corraíola polaitiúla i measc na gCaomhach.[16] Dúirt sí nach bhféadfadh sí an méid a gheall sí nuair a ceapadh ina ceannaire ar na Tóraithe í a chomhlíonadh.[14]

Chaith sí 45 lá sa phost.[17]

PearsantaCuir in Eagar

Phós Truss cuntasóir eile, Hugh O'Leary, sa bhliain 2000. Tá beirt chlainne orthu, Liberty O'Leary agus Frances O'Leary.[18]

Bhí caidreamh lasmuigh den phósadh aici, idir 2004-2005, leis an MP Mark Field (cheap an an Páirtí Coimeádach Field mar 'theagascóir pearsanta" do Truss). Fuair Field colscaradh. Scannal a bhí ann sa bhliain 2008 nuair a chuala a toghcheantar, South West Norfolk, faoi.[19]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Cathal Mac Coille (3 Meán Fómhair 2022). "Litir oscailte chuig Príomh-Aire nua na Breataine…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  2. "A political affair: We profile cabinet minister Liz Truss" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Imní in Éirinn agus Liz Truss le ceapadh ina Príomh-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-25.
  4. "Britannia Unchained" (as en) (2022-10-15). Wikipedia. 
  5. Nuacht RTÉ (2022-05-18). "Liz Truss agus feirmeoirí tornapaí in Éirinn" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2022-01-13). "Dóchas san AE faoi chur chuige "suáilceach" Liz Truss" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2022-01-14). ""Is féidir margadh a dhéanamh fós leis an AE" - Liz Truss" (as ga). 
  8. Póilín Ní Chiaráin (29 Meitheamh 2022). "An mbainfear na putóga as an bprótacal?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  9. Naucht RTÉ (2022-08-17). "Rishi Sunak agus Liz Truss i mbun stocaireachta i mBéal Feirste" (as ga). 
  10. RnaG (27 Lún 2022). "Tús Áite (mp3)". Dáta rochtana: 2022.
  11. Nuacht RTÉ (2022-08-02). "Liz Truss cáinte faoi bhéim síos a thabhairt do Nicola Sturgeon" (as ga). 
  12. "Everything you need to know about mortgage chaos as bills rise by £5,000 a year" (en-gb). The Sun (2022-10-12). Dáta rochtana: 2022-10-15.
  13. Nuacht RTÉ (2022-09-05). "Is í Liz Truss a bheidh ina Príomh-Aire nua ar an mBreatain" (as ga). 
  14. 14.0 14.1 14.2 "Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine, toghchán á lorg ag Starmer" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  15. Nuacht RTÉ (2022-10-19). "Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine éirithe as oifig" (as ga-IE). 
  16. Nuacht RTÉ (2022-10-20). "Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine" (as ga-IE). 
  17. Sa bhliain 1827, chaith an Tóraí George Canning 118 lá sa phost, an tréimhse ba ghairide a chaith aon duine mar Phríomh-Aire na Breataine go dtí Truss.
  18. (2022-09-01). "Get to know Liz Truss' husband, Hugh O'Leary" (en-ie). The Irish Sun. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  19. Chris Byfield (2022). "Liz Truss husband: How Hugh O'Leary forgave racy affair with Tory MP ‒ 'Love of my life'". www.express.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-04.