Lluís Companys
Ba pholaiteoir Catalónach é Lluís Companys i Jover (El Tarròs (An Chatalóin), 21 Meitheamh 1882 - Barcelona, 15 Deireadh Fómhair 1940) a bhí ina Uachtarán ar rialtas féinstiúrtha na Catalóine nó Generalitat de Catalunya, le linn Dara Poblacht na Spáinne.
Féinrialtas na Catalóine cuir in eagar
Polaiteoir Sóisialach a bhí ann agus é i gceannas ar Pháirtí Clé Poblachtánach na Catalóine, nó Esquerra Republicana de Catalunya.
Na Faisistithe cuir in eagar
Chuir Franco deireadh le féinrialtas na Catalóine sa bhliain 1939, tar éis Cogadh Cathartha na Spáinne a bhuachan dó.
Theith rialtas na Catalóine go dtí an Fhrainc. Ach nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Fhrainc i dtús an Dara Cogadh Domhanda, tháinig an Gestapo ar lorg Companys, agus ruaig siad as an bhFrainc go dtí an Spáinn é i Mí Mheán Fómhair, 1940.
Bás agus oidhreacht cuir in eagar
Lámhachadh Companys i gCaisleán Montjuïc ar 15 Deireadh Fómhair 1940.
Tugadh a ainm ar an staid Oilimpeach i Montjuïc mar onóir iarbháis.
Tagairtí cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |