An príomh rud atá i gceist go traidisiúnta leis an gcuid is mó de logainmneacha na Gaeilge ná cur síos a dhéanamh ar an áit ainmnithe ó thaobh an nádúir. Bíodh gur abhann, cnoc, coill, loch, carraig, nó trá a mbíonn i gceist. Is é sin le rá ná go gcaitheann na logainmneacha scáil ar thábhacht an tírdhreacha i saol na ndaoine. Seo iad roinnt sampla: LOCH Garman.......Wexford, Carraig Dubh.......Blackrock, Cnoc...Knock

Ní ceart go ndéanfar dearmad ar chineál logainm eile in Éirinn. Is éard atá i gceist anseo ná ainmneacha a bhfuil baint acu le daoine agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le daoine. Mar shampla, is iomaí áit in Éirinn a bhfuil "baile" mar bhall den ainm. Cosúil le sin, tá an t-úafás cill, gort, achadh, aonach agus domhnach le haimsiú ar léarscáil Éireann. Seo iad roinnt sampla: Baile Munna....Ballymun, Cill Dara.....Kildare, An Aonach.....Nenagh