Is orgán beag é an máilín domlais (Laidin: vesica biliarisvesica fellea) sna veirteabraigh a chuidíonn le díleáigh agus le stóráil domlais san ae. De ghnáth, is féidir leis an duine glacadh go héasca le cailleadh mháilín domlais .

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtMáilín domlais
Sonraí
Laidinvesica fellea agus vesica biliaris
Cuid decóras díleáite
cystic artery (en) Aistrigh
cystic vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD005704
TAA05.8.02.001
FMA7202 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1197
EB Onlinescience/gallbladder
Téarmaíocht anatamaíoch


An máilín domlais

Anatamaíocht an duine cuir in eagar

Is éard is máilín domlais ann ná mala matánach a suíonn díreach faoi bhun an ae. Sa dhuine fásta, bíonn an máilín domlais thart ar 8 cm ar fhad agus 4 cm ar thrastomhas nuair a bhíonn sé bolgtha go hiomlán. Bíonn sé roinnte i dtrí chuid: fundas, cabhail agus muineál. Barrchaolaíonn an muineál agus ceanglaíonn sé leis an gconair dhomlasach tríd an ducht cisteach, a nascann ansin leis an gcomhdhucht heipiteach agus déantar an comhdhucht domlais as.