Mí-úsáid substaintí

(Athsheolta ó Mí-úsáid drugaí)

Is é atá i gceist le mí-úsáid drugaí,mí-úsáid substaintí, ná úsáid a bhaint as aon druga – bíodh sé ina dhruga dleathach nó ina dhruga neamhdhleathach – a dhéanann dochar fisiciúil nó meabhrach, nó a d’fhéadfadh dochar fisiciúil nó meabhrach a dhéanamh, do ghné éigin de shaol duine aonair nó d’fholláine shóisialta duine aonair, do dhaoine aonair eile nó don tsochaí i gcoitinne.[1]

Tréithe cuir in eagar

Úsáideann daoine a lán cineálacha éagsúla drugaí. D’fhéadfadh na drugaí seo a bheith dleathach nó mídhleathach; d’fhéadfaidís a bheith ina gcuidiú nó dochar a dhéanamh. Baineann fo-iarmhairtí agus rioscaí le gach druga, ach bíonn níos mó riosca i gceist le drugaí áirithe, go háirithe drugaí mídhleathacha. D’fhéadfaí go n-éireodh úsáid drugaí ina fadhb ag brath ar roinnt tosca.[2]

Is iad na drugaí mídhleathacha is coitianta a úsáidtear ná cannabas, eacstais, hearóin agus cócaon.

in amanna, d’fhéadfadh úsáid drugaí bheith ina gcuid thábhachtach de shaol daoine. D’fhéadfadh sé sin bheith amhlaidh mar gheall ar fhadhbanna mothúchánacha, síceolaíocha nó sóisialta. D’fhéadfaí go mbeadh andúil nó spleáchas ag daoine mar thoradh ar dhrugaí áirithe, i gcás go gcailleann siad smacht ar úsáid an druga agus go mbraitheann siad nach féidir leo feidhmiú gan é.

Úsáideann daoine áirithe níos mó ná cineál amháin druga ag an aon am – tugtar ‘úsáid poladruga’ air seo.

D’fhéadfaí go mbeadh meascadh drugaí contúirteach toisc go mbíonn na hiarmhairtí agus na fo-iarmhairtí curtha le chéile. Cuimsítear air seo meascadh drugaí mídhleathacha le drugaí dleathacha dála alcólcógais. Mar shampla, má ólann daoine alcól le cócaon, bíonn níos mó riosca ann go mbeidh rithimí neamhrialta croí, taomanna croí agus an bás féin i ndán dóibh.[2]

Iarmhairtí cuir in eagar

D’fhéadfaí go mbeadh fadhbanna tromchúiseacha ag duine, fiú mura n-úsáidtear an druga ach uair amháin féin. Bíonn níos mó riosca i gceist le drugaí mídhleathacha, mar níl a fhios céard atá ann i ndáiríre (an comhdhéanamh) agus b'fhéidir go bhfuil substaint thocsaineach ann.[2] Tá fíorbheagán eolais faoi céard atá istigh sna 'siabhráin dhleathacha' nó drugaí dearthóra chomh maith.

Is féidir le roinnt drugaí andúil nó spleáchas a chothú níos gasta ná mar a chothaíonn drugaí eile. níl aon fhianaise ann go mbíonn daoine ‘gafa’ le druga i ndiaidh dóibh é a úsáid uair nó dhó, nó go mbeidh andúil sa druga sin ag gach duine a bhaineann triail as.

Bíonn fadhbanna ag roinnt daoine ar chéad úsáid an druga, agus d’fhéadfaí fadhbanna a eascairt de réir mar a mhéadaíonn minicíocht úsáid an druga. is féidir go mbeidh iarmhairt ag na drugaí ar fholláine an choirp agus ar shláinte mheabhrach, ar shaol teaghlaigh, ar chaidrimh agus ar obairstaidéar. D’fhéadfaí go mbeadh daoine i dtrioblóid le húdaráis an dlí nó go mbeadh deacrachtaí airgid mar gheall ar úsáid drugaí mídhleathacha.[2]

Déanann drugaí éagsúla dochar ar bhealaí éagsúla. Maidir le drugaí áirithe, amhail hearóin, meastar iad a bheith níos contúirtí de thairbhe go bhfuil níos mó riosca d’andúil agus de ródháileog ag baint leo, nó de thairbhe go n-instealltar iad.

Tá baint ag féinmharú agus mí-úsáid drugaí le chéile.

mí-úsáid alcóil, 2012, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Forleithne cuir in eagar

Tarlaíonn mí-úsáid substaintí i ngach aicme shóisialta.

An dlí cuir in eagar

Déanann an tacht um Mí-Úsáid Drugaí in Éirinn grúpáil ar dhrugaí atá bunaithe ar a n-úsáideacht.[3][4]

Faireachán drugaí na gCustaim in Éirinn => Polasaithe in aghaidh drugaí

Straitéisí um Mí-Úsáid Substaintí cuir in eagar

Tá rialtais ar fud an domhain ag cogaíocht in aghaidh drugaí le blianta. Ach tá sé chomh éasca drugaí a cheannach anois agus. a bhí sé riamh.[5]

Cothaíonn drugaí difriúla fadhbanna éagsúla do dhaoine éagsúla agus úsáideann daoine éagsúla drugaí difriúla ar chúiseanna éagsúla. Mar sin bíonn réitigh éagsúla de dhíth ar na fadhbanna seo agus níl aon fhreagra simplí ar na fadhbanna a bhfuil úsáid drugaí ina n-údar orthu, Ach nuair atá na fíricí ag daoine, tá sé níos fusa déileáil le saincheisteanna a bhaineann le drugaí.[2][1]

Reáchtálfar ar 26 Meitheamh gach bliain an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Mí-Úsáid Drugaí agus Gáinneáil Aindleathach.

Eachtraí cuir in eagar

  • 2022ː 'Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís'[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

  • An Straitéis Náisiúnta Drugaí in Éirinn[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 An Roinn Sláinte (2016). "Comhairliúchán poiblí – Straitéis nua Náisiúnta Drugaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-26. Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 COGG. "Tobar na Gaoise". Dáta rochtana: 2022.
  3. Oireachtas (2019-11-01). "An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú), 2016 – Uimh. 9 de 2016 – Tithe an Oireachtais". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-01. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  4. "Tosach feidhme an Achta um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2016 agus na Rialacháin agus Orduithe Aireachta gaolmhara" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  5. Isla Callister. "Tá an ‘Cogadh in Aghaidh Drugaí’ á chailliúint… fógraímis sos cogaidh!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  6. Póilín Ní Chiaráin (22 Meitheamh 2022). "Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  7. Na Gardaí. "Mí-Úsáid Drugaí agus Dochar a Laghdú" (ga). Garda. Dáta rochtana: 2022-06-26.