Mícheál Ó Tiománaidhe

Bailitheoir mór scéalta agus amhrán in iarthar na hÉireann ba ea Mícheál Ó TiománaidheÓ Tiománaí (21 Nollaig 18567 Márta 1940). Chaith sé na blianta ag obair san Astráil agus d’fhoilsigh scéal ("Féidhlim Ó Néill") a bhain lena shaol ann.[1] In Éirinn, bhailigh Ó Tiománaidhe scéalta agus amhrán sa Ghaeltacht, ábhar den saghas a thug na hÉireannaigh leo go dtí an Astráil sa 19ú haois – scéalta Fiannaíochta, béaloideas áitiúil, amhráin ghrá agus ghrinn.[2]

Infotaula de personaMícheál Ó Tiománaidhe
Beathaisnéis
Breith1853
170/171 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmbéaloideasóir Cuir in eagar ar Wikidata
Crois Mhaoilíona

Saol cuir in eagar

Rugadh é ar 20 Meán Fómhair 1853 sa Chartún, Eadargúil, Contae Mhaigh Eo. Ba í Catherine Lynn ó Chrois Mhaoilíona a mháthair agus feirmeoir beag ba ea a athair John Timoney. Timpeall na bliana 1874 d’imigh sé go dtí Sasana agus as sin go dtí Queensland na hAstráile. Lastaí móra olla a iompar ar an iargúil is mó a dhéanadh sé, cé go ndeirtear go ndeachaigh sé ag tochailt óir freisin.

Ní fios cén caidreamh a bhí aige ar na Bundúchasaigh: bhí an lámh láidir á himirt orthu in Queensland ag an am. D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1894.

 
Fuadar óir sn Astráil

In Mí Aibreáin 1903 chuaigh sé faoi scrúdú Gaeilge do mhúinteoirí sa Ghort Mór, Ros Muc. Fear urrúnta ramhar a bhí ann faoin am sin, ceannaithe lasánta air agus féasóg rua. Bhí "Beatha Sheaghain Mhic Éil" scríofa aige cheana, saothar a ghnóthaigh duais Oireachtais dó sa bhliain 1902. Ansin tháinig Amhráin Ghaeilge an Iarthair, agus Sgéalta gearra an Iarthair.

I Márta 1907 d’fhoilsigh sé gearrscéal a d’eascair óna shaol in Queensland san Irish Rosary: "Féidhlim Ó Néill (a ghrádh agus a chrádh)":

Do chruinnigh na beithidhigh fhiadháine thart timcheall air ag gáir-ghéimneach agus búrthaighil. D’ionnsuigh mór é le n-a mhardhadh acht d’éirigh leis, go ndeachaigh sé suas ar chrann mór agus d’fhan sé thuas ar ghéagáin an chrainn go dtí breacadh an lae maidin lá ar na bhárach gan greum ná deoch agus é ag crith le faithchíos agus le sgannrughadh... [3]

Is cosúil go n-íocadh sé na scéalaithe as a gcuid scéalta, nós a d’fhág bocht é faoi dheireadh.

B’éigean dó filleadh ar an Astráil timpeall na bliana 1910 chun airgead a shaothrú.

Deirtear gur tháinig sé abhaile timpeall na bliana 1925/1927, in aois 69/71 bliain dó.[4]

Tháinig scéalta a bhailigh Ó Tiománaidhe amach ar Béaloideas sna blianta 1927–1929 agus d’fhoilsigh An Gúm An Lampa Draoidheachta agus naoi sgéalta eile sa bhliain 1936.

 
Crois Mhaoilíona (Crossmolina)

Sa bhliain 1937 d’íoc sé as cros Cheilteach a thógáil i Leathardán le hómós don Athair Ó Conaire a crochadh i gCaisleán an Bharraigh sa bhliain 1798. Cheannaigh sé clog don séipéal i Leathardán. Bhí sé ag cur faoi i dteach a nia Tim Jordan, comhairleoir contae, in aice Chrois Mhaoilíona nuair a d’éag sé ar 7 Márta 1940. Níor phós sé riamh.

Foilseacháin cuir in eagar

  • Sgéalta gearra so-léighte an Iarthair. Dublin: M.H. Gill 1906
  • M. Ó Tiománaidhe, Amhráin Ghaeilge an Iarthair, eagrán nua le William Mahon, Indreabhán, 1992 (1906), 27, 105.
  • Amhráin Ghaeilge an Iarthair. 1906, Indreabhán 1992 (athchló)[5][6] Ba i 1906 a cuireadh cló i dtús ar an leabhar seo, agus ba as iarthuaisceart Mhaigh Eo don bhailitheoir. Bailiúchán de dhá scór is seacht gcinn déag d’amhráin ón gceantar sin.
  • Tarngaireacht Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin, agus stair-sheanchas le cois[7] ... Micheál O Tiománaidhe do chruinnigh ... Red Brian Carabine's Prophecy and other interesting historical matter. Compiled and edited by M. Timony. Dublin: (M. H. Gill & Son) Gaelic League 1906
  • Sgéalta gearra an Iarthair (le Domhnall Ó Fotharta). Dublin: Patrick O’Brien 1910

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ó TIOMÁNAIDHE, Micheál (1853–1940)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-03-07.
  2. An Lúibín (20 Feabhra 2013). "Iarsmaí Gaeilge san Astráil". Dáta rochtana: 2021.
  3. Luaite in Noone 2012, lch 129.
  4. Bhí aithne aige ar bheirt scoláirí Gaeilge in Melbourne, an Dr Nioclás Ó Domhnaill agus Tomás Ó Cathaláin. Dúirt Tomás Ó Cathaláin gur thug Ó Tiománaidhe cuairt air in Melbourne ar a bhealach ar ais go hÉirinn agus gur phléigh siad filíocht agus filí. Ach tháinig an Cathalánach san Astráil sa bhliain 1927.  
  5. "Digital Humanities Observatory" (en). Royal Irish Academy. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  6. "Amhráin Ghaeilge an Iarthair | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-11. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  7. Ó Donnchadha, Tadhg (ria.ie) (1906). "Corpas". corpas.ria.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.